Irish Independent - Seachtain

Ná Dearmadaig­í

-

Ar fhoghlaim tú ar scoil faoin Dara Cogadh Domhanda go fóill? B’fhéidir go bhfuil léite agat faoi.

Bhí searmanas cuimhneach­áin ar siúl le déanaí in Auschwitz i ndeisceart na Polainne. Ag an am sin bhí an Ghearmáin i gceannas ar an tír sin.

Fuasclaíod­h na daoine a bhí i ngéibheann ansin 75 bliain ó shin. Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn i láthair chomh maith le ceannairí eile an domhain. Maraíodh 1.1 milliún duine sa champa idir 1940 agus 1945. Giúdaigh ab ea tromlach na ndaoine sin.

Bhí geall le 200 duine, a tháinig slán as na sluachampa­í, i láthair ag an gcuimhneac­hán. Shlánaigh Arm na Sóivéide iad ar an 27 Eanáir 1945

Rinneadh poblacht den Ghearmáin tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Páirtí na Naitsithe a bhí i gcumhacht ag an am agus Adolf Hitler mar cheannaire orthu. Bhí tuairimí an-láidir ag Hitler agus ceapadh mar sheansailé­ir é. Bhí an ghráin aige do na Giúdaigh agus cheap sé gurbh iadsan ba chúis leis na fadhbanna móra sa Ghearmáin. Athraíodh an dlí agus ní raibh na cearta céanna ag na Giúdaigh agus a bhí ag an gcuid eile den phobal.

Deachtóir ab ea Hitler. Chum sé a lán rialacha. Ní raibh meas madra aige ar aon duine a bhí faoi mhíchumas ach an oiread. Bhí póilíní dá chuid féin aige ar tugadh an Gestapo orthu chun a chinntiú go raibh a rialacha á leanúint ag an bpobal. Ba é an svaistice comhartha náisiúnta na tíre le linn ré Hitler agus ‘ádh mór’ ba chiall leis.

Nuair a mhéadaigh Hitler aerfhórsa na Gearmáine agus arm na Gearmáine agus nuair a chreid sé go raibh tacaíocht aige ó thromlach a phobail, thosaigh sé ar phlean chun méid na tíre a mhéadú. Rinne sé ionradh ar an Ostair agus an tSeicslóva­ic. Shocraigh Hitler agus Stalin, ceannaire na Rúise, go roinnfidís an Pholainn eatarthu.

Agus b’in a rinne siad ar an 1 Meán Fómhair nuair a chuaigh fórsaí na Gearmáine isteach sa Pholainn. Tháinig arm na Breataine agus na Fraince i gcabhair orthu agus is ansin a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Blitzkrieg nó ‘Cogadh tintreach’ a tugadh ar an ionsaí a rinneadh ar an bPolainn. D’ionsaigh Hitler ón aer leis an Luftwaffe agus ar thalamh le saighdiúir­í agus tancanna. Cuireadh breis agus 700,000 Polannach as a mbailte laistigh de bhliain mar thoradh ar na hionsaithe agus bhí aon chúigiú de dhaonra na Polainne marbh ag deireadh an chogaidh.

B’éigean do na Polannaigh maireachtá­il i ngeiteonna toisc go raibh saighdiúir­í na Gearmáine ag cur Réalta Dháiví ar dhoirse shiopaí na nGiúdach agus bhí graifítí gránna scríofa ar bhallaí na sráideanna fúthu. Cuireadh thart ar 6 mhilliún Giúdach chun báis i sluachampa­í géibhinn ar nós Auschwitz nó Belsen. Úsáideadh gás chun iad a mharú nó ba mhinic gur mharaigh an obair chrua iad agus ní raibh mórán le hithe acu.

D’fhógair na Gearmánaig­h Operation Sea Lion ar an ionsaí a rinne siad ar an mBreatain. Is ón aer a rinneadh an t-ionsaí agus glaodh an blitz air. Cé nach raibh an méid céanna eitleán ag arm na Breataine d’éirigh leo an bua a fháil ar na Gearmánaig­h. Scaoil na heitleáin buamaí ar chathracha sa Bhreatain ach tharla gur thit cinn anseo in Éirinn.

Ar an 1 Eanáir 1941, thit breis agus 20 buama ar Bhaile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlac­h, Cill Dara agus an Mhí. Cailleadh cailín sé bliana déag d’aois agus beirt bhan i dteach i gCeatharla­ch agus gortaíodh go dona na daoine eile a bhí sa teach ar an oíche úd. Bhí ciondáil ar earraí ar nós peitreal, tae agus siúcra in Éirinn le linn an chogaidh. Ní raibh na hearraí sin ag teacht isteach ar longa a thuilleadh de dheasca an chogaidh. Bhí leabhair le dearbháin chiondála iniata ag daoine agus tugadh dearbhán don siopadóir nuair a cheannaigh siad earra ciondála.

Is mór an tionchar a bhí ag an Dara Chogadh Domhanda ar an saol atá inniu ann ach ná déanaimis dearmad de na Giúdaigh agus daoine eile nach iad a chaith seal sna sluachampa­í géibhinn. Guímid suaimhneas ar na daoine a tháinig slán as na sluachampa­í freisin.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland