COIMEÁD SÚIL AR
Al Boum Photo nó Kemboy?
Rás deacair é Corn Óir Cheltenham le buachaint agus tá sé níos deacra fós an buaiteoir athuar. Anuraidh ba chapall faoi oiliúint Willie Mullins, Al Boum Photo, a thug an corn leis in ainneoin go raibh go leor ag súil go mbeadh an lá le Kemboy, capall ón stábla céanna cois na Bearú. Ar an droch-uair thit sé ag an gcéad chlaí.
Is cosúil gurb é Al Boum Photo rogha na n-údar arís agus é ag 4-1 ach tá luach níos fearr le fáil ar Kemboy ag 9-1.
Ach bí cúramach tá seacht gcapall a cheaptar a bheith san áireamh agus corrlach 12-1 nó níos fearr á dtairiscint ar a son.