‘Caithfidh na daoine óga cabhrú le Covid-19 a stopadh’
Tá bean óg a raibh víreas neamhghnách uirthi ag éileamh ar an aos óg caitheamh go dáiríre le paindéim Covid-19.
D’éirigh Orla Ní Chrossáin (25) as Gaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall tinn le víreas neamhghnách mí na Samhna seo caite agus tá sí ar buile nach bhfuil go leor daoine ina haoisghrúpa féin chomh dáiríre faoin gcoróinvíreas agus ba cheart.
Bhí casacht uirthi, agus ansin chuaigh a sláinte in olcas.
“Seachtain ina dhiaidh sin, dhúisigh mé in aonad tráma le haltraí agus dochtúirí ag seasamh thart ag stánadh orm ar nós scannáin,” a dúirt Orla.
Dhúisigh an sciamheolaí dhá lá níos deireanaí in aonad cúraim chriticiúil. Bhí an éisteacht imithe uirthi, dúradh go raibh adanaivíreas uirthi, go raibh sí seipteach agus gur theip ar go leor dá horgáin.
“Shíl mé go raibh mé breá folláin ag 25 bliain d’aois agus go mbeinn go breá tar éis slaghdáin, ach bhí mé mícheart agus mar gheall air sin b’éigean dom foghlaim le siúl arís, le mo chuid scamhóg a úsáid arís, bhí mo chóras imdhíonta buailte go dona aige agus fiú chaill mé mo chuid gruaige ar fad.
“Tá an t-ádh liom nár maraíodh mé, agus ní raibh orm ach víreas a chuireann isteach ar an gcóras análaithe, mar a dhéanann an coróinvíreas.”
Dúirt Orla mar fhocal scoir: “Níl mé ag iarraidh daoine a scanrú ach caithfidh achan duine glacadh leis an rabhadh go dáiríre; achan duine in achan aoisghrúpa.”