Irish Independent - Seachtain

DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEAC­HTAIN LE CHRIS GREENE

-

DEA-SHEACHTAIN: ‘CUMHACHTÚ NA MBAN’

Tá a fhios agam go mb’fhéidir go bhfuil cuma seanchaite ar an ráiteas seo, ach tá spiorad pobail dochreidte sa tír seo.

Ba iad na huaireanta eile a chonaic mé chomh láidir é ná le linn an tSneachta Mhóir agus nuair a láimhseáil Thierry Henry an liathróid sa mbabhta cáilithe don Chorn Domhanda in 2009 - an dá uair chomh tuillte céanna.

Tá cumas dochreidte againn faire amach dá chéile, agus seachas an scaollchea­nnach atá sothuigthe, tá sár-jab déanta againn é seo a dhéanamh mar fhoireann amháin go dtí seo.

Ní dhearna muid polaitíoch­t air, níor úsáid páirtí ar bith é mar am chun pointe ar bith a dhéanamh ná le gearán a dhéanamh, chuireamar an crios sábhála orainn agus táimid go léir sa charr le chéile. Agus mé ar an modh tírghrá seo, tá na seanfhocai­l is fearr ar domhan againn freisin, ní neart go cur le chéile.

DROCHSHEAC­HTAIN: IMEACHTAÍ LUASCTHA

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland