Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo.
Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo. Tá ábhar nua agus spéisiúil agam do lucht na Sraithe Sóisearaí i scoileanna T2, le léamhthuiscint agus ceisteanna faoin aisteoir cáiliúil Saoirse Ronan. Tá an léamhthuiscint mar chuid lárnach de na páipéir scrúdaithe do scoileanna T1 agus T2 araon. Lena chois sin, tá aiste shamplach agus gníomhaíocht agam do lucht na hArdteistiméireachta ar cheist na Litríochta Breise. Is fiú 40 marc an cheist seo, mar sin is ceist thábhachtach í. An tseachtain seo tabharfaidh mé faoin dírbheathaisnéis cháiliúil a scríobh Maidhc Dainín Ó Sé, A Thig Ná Tit Orm. Tá súil agam go mbainfidh sibh idir thaitneamh agus tairbhe as ábhar na seachtaine seo. Ar aghaidh linn mar sin leis an obair!
Shane