An Chéad Eitilt Thrasatlantach
An tseachtain imithe tharainn léigh tú anseo i Seachtain Óg faoi Leonardo da Vinci agus an ceangal a bhí aige leis an Athbheochan (an Renaissance) san Eoraip. Bhí sceitsí déanta aige d’eitleáin, paraisiút agus héileacaptar. An tseachtain seo, gheobhaidh tú eolas ar an gcéad eitilt thrasatlantach a rinneadh breis agus céad bliain ó shin.
Is i mí an Mheithimh 1919 a d’eitil John Alcock agus Arthur Whitten Brown trasna an Atlantaigh. Ach cérbh iad John Alcock agus Arthur Whitten Brown?