Irish Independent - Seachtain

‘Ní raibh daoine ag obair agus cár chuaigh siad? Isteach sa phub!’

- DÁITHÍ ÓSÉ

féachaint air mar seo. Tá sé seo dian ar dhaoine, iad siúd atá ag obair ón mbaile agus gach éinne a bhfuil orthu daoine breise a fháil chun aire a thabhairt dos na páistí. Táimid ag rá chomh maith go bhfuil contúirt ann má bhíonn na páistí timpeall ar aosaigh. Ní rabhamar riamh ag an bpointe seo cheana.

Tá sé tábhachtac­h dúinn ar fad féachaint ar an bhfíorscéa­l agus gan ligint le cúrsaí dul ó smacht. Ar an gcéad dul síos, tá’s againn cad atá ann. Muna mbeadh sé seo ar eolas againn bheadh thiar orainn!

Chomh maith leis sin, tá cuid dos na comhlachta­í leighis ar domhain ag obair air agus tiocfaidh iad ar vacsaín. Níl sé ag cur isteach ar leanaí agus ina theannta seo dóibh siúd a fhaigheann é ní bheidh ach breoiteach­t réasúnta beag ar 80% acu.

Seo an uair a thagann pobal le chéile agus táimid go maith sa tír seo ag amanta mar seo. Bhí sé seo soiléir nuair a bhí na stoirmeach­a úd ann le cúpla bliain anuas.

Ag an ndeireadh seachtaine chuas ag siúl liom fhéin agus chaitheas féin, Rita agus an buachaill dhá lá sa ghairdín.

Tá tamall ó dheineamar é sin. Deinim dearúd go bhfuil sé go deas a bheith amuigh sa ghairdín agus díreach cúpla uair an chloig a chaitheamh ann.

Tugann amanta mar seo deis dúinn stopadh agus féachaint timpeall orainn. Tá daoine ann a deireann ‘seo é an domhan ag rá linn a bheith níos fearr leis’, níl a fhios agam an gcreideann sibh in aon chuid dó sin?

Tá sé deacair a shamhlú go raibh Lá Fhéile Pádraig ann inné, bhí breithlá mór inár dtigne. Bhí Mícheál 6. Ní raibh ag an gcóisir ach triúr againn agus cé go mbraitheam­ar an chlann ar fad uainn, bhí ana-lá againn. Beidh cóisir againn nuair a bheith sé seo ar fad taobh thiar dínn. An rud is tábhachtaí ná go rabhamar le chéile!

Beannachta­í na féile chugaibh agus fanaigí sábháilte!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland