Éagsúlacht agus siamsaíocht... scoth na gclár romhainn anois agus RTÉ ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge
Tá na Two Johnnies ag dul chun na Gaeltachta; tá na Hothouse Flowers ag dul siar bóithrín na smaointe agus tá fonn ar Bhláithín de Burca labhairt faoi… chúrsaí gnéis!
Fáilte romhaibh go #SnaG24 ar RTÉ.
Tá an craoltóir náisiúnta ag tarraingt as tobar na Gaeilge agus cláir a mbainfidh idir chainteoirí dúchais agus líofa agus lucht foghlamtha sult astu ar na bacáin.
Beidh ar an aos óg na tuismitheoirí a chur amach as an teach nuair a chuirfear tús le The Irish for Sex (RTÉ One, Déardaoin, 14 Márta ag 10.15pm).
Sa chlár, beidh an bhean ghrinn, Bláithín de Búrca (thíos), ár dtabhairt ar thuras spleodrach faoin Ghaeilge agus í sa tóir ar fhocail a bhfuil a mbríonna caillte ionas go mbeidh glúin nua in ann labhairt i nGaeilge faoi gach a mbaineann le cúrsaí collaíochta agus gnéasachta.
Casfaidh Bláithín le Gaeilgeoirí de gach aois agus i ngach réimse agus iad ag plé focail ghleoite atá dearmadta ach a bhaineann le ceann de na gnéithe is pearsanta dár saol, an gnéas.
Tá na Hothouse Flowers ar cheann de na bannaí ceoil is ansa linn in Éirinn ó thosaigh siad amach beagnach dhá scór bliain ó shin.
Agus 35 bliain níos déanaí, tá muid ina gcomhluadar in Albain agus iad ar bhabhta amháin dá gcamchuairt ar an Bhreatain.
Tá a lucht dílis leanúna i ndiaidh teacht go Glaschú agus go hObar Dheathain as Melbourne, Beirlín, Learpholl agus fiú chomh fada ó bhaile le hoileán Thoraí agus iad in ann gach uile fhocal a chanadh in éineacht leis an bhuíon spleodrach.
Beidh Hothouse Flowers, Stick Around And Laugh A While, á thaispeáint ar RTÉ One, ar an 18 Márta, ag 6.30pm.
Gach tráthnóna le linn Sheachtain na Gaeilge, beidh foireann an Today Show ag spreagadh a lucht féachana le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge le Focal an Lae, agus beidh gearrscannáin, a coimisiúnaíodh go speisialta, le feiceáil ar chainéil meán sóisialta an chláir.
Bíonn am den scoth ag páistí le linn Sheachtain na Gaeilge agus beidh neart ar siúl don aos óg i nGaeilge ar RTÉJr, ar chainéal YouTube RTÉJr, agus ar rannóg na bpáistí ar Sheinnteoir RTÉ.
Ar thús cadhnaíochta, tá an clár grinn beochana réamhscoile, Baile na Samhlaíochta. Tá an tsraith fréamhaithe go domhain i saol an teaghlaigh agus é déanta ag Nuria González Blanco, bean a ainmníodh le haghaidh Oscar.
Sraith foghlama beo i nGaeilge is ea Tír na nÓg, atá bunaithe ar an fhinscéal Cheilteach agus a bhfuil 21 cuid inti.
Cuideoidh sé le páistí an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt go muiníneach, chomh maith leis an chruthaitheacht agus an smaointeoireacht neamhspleách a fheabhsú sna luathbhlianta.
Tugann Silly Sundays léargas ar an éagsúlacht atá in Éirinn na linne seo, ar an scáileán agus le linn an léirithe araon.
Bí ag éisteacht le laethanta na seachtaine ar RTÉJr ón 28 Feabhra ar aghaidh.
Ar ndóigh, na laethanta seo, ní bhíonn an t-am ag daoine amharc ar an teilifís. Is fearr leo a bheith a bheith gníomhach agus na cluaisíní a chur orthu chun éisteacht le podchraoladh nó le clár raidió.
Le linn Sheachtain na Gaeilge ar RTÉ 2FM, beidh The 2 Johnnies ag tabhairt aghaidh ar an Ghaeltacht in Iarthar Chiarraí, áit a mbeidh siad ag craoladh beo ó theach tábhairne Pháidí Uí Shé i gCeanntrá ar an Aoine bheag seo.
Agus ar Breakfast with Donncha, Doireann and Carl, beidh siad ag tabhairt faoi chuid de na míreanna agus ceisteanna is fearr leo as Gaeilge.
Ar RTÉ Radio 1, beidh Folk on One, South Wind Blows, Céilí House, The Rolling Wave agus go leor eile ag ceiliúradh na féile ar a gcuid clár, agus ar an 14 Márta athróidh The
Late Debate arís go dtí An Díospóireacht Dhéanach, áit a mbeidh painéal de pholaiteoirí ag plé ceisteanna polaitíochta a bhaineann leis an nGaeilge inár sochaí.
Beidh an dá theanga in úsáidle linn an tráthnóna, tráth a mbeidh Colm Ó Mongáin ina láithreoir.
An Chéadaoin seo chugainn, 13 Márta, cloisfear eagrán speisialta i nGaeilge de A Word in Edgeways, clár a bhíonn ar siúl gach maidin i rith na seachtaine.
Ar RTÉ Lyric fm a bheidh Éist ar siúl, agus Manchán Magan ag fí isteach focail Ghaeilge a dhéanann cur síos ar ghnéithe éagsúla den cheol, na hamhráin, agus na fuaimeanna.
Ar ndóigh, is í Seachtain na Gaeilge gach seachtain den bhliain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gus leanfaidh an stáisiún de thogha an cheoil, an chomhrá agus na díospóireachta a chur ar fáil chomh maith le nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil gach lá den mhí.
Ar RTÉJr Radio ón lá amárach, tabharfaidh Ón Domhan Thíos napáistí ar thuras draíochtúil, mistéireach isteach i bhfinscéalta na hÉireann le scéal nua a chruthú; scéal faoi shíofraí, faoi Thuatha Dé Danann agus an méid a tharlaíonn nuair a bhuaileann saol ársa an lucht sí agus páistí ó shaol na linne seo in Éirinn le chéile.
Samhlaigh Stranger Things ag bualadh leis an Ghaeltacht!