‘Tá feirmeoirí ag iarraidh a bheith níos glaise, ní an domhan a scriosadh’
Níl feirmeoirí na hÉireann ag iarraidh an domhan a scriosadh agus tá nach mór gach feirmeoir atá ann ag iarraidh a bheith ‘níos glaise’, dar le Séaghan Ó Súilleabháin agus é ag labhairt ar phodchraoladh úr Seachtain.
Dar le hÓ Suilleabháin, nó ‘The Kerry Cowboy’ mar atá air ar Instagram agus TikTok, tá íomhá faoi leith á cruthú ag na meáin go bhfuil feirmeoirí “ag iarraidh an domhain a scriosadh.”
‘‘Daoine is ea feirmeoirí atá ag plé leis an timpeallacht gach aon lá. Nílimid glas ar ndóthain faoi láthair. Braithim go bhfuil nach mór gach aon fheirmeoir dá bhfuil ann ag iarraidh bogadh i dtreo gur féidir a bheith níos glaise. Ach caithfear tacaíochtaí a chur ar fáil ionas gur féidir é sin a chur i bhfeidhm,” a dúirt sé.
Bíonn Séaghan an-ghníomhach ar TikTok agus ar Instagram, áit a mheallann a shaol i gCiarraí agus a chuid ainmhithe aird an tsaoil mhóir. Tá níos mó ná 200,000 leantóir aige ar TikTok, le 23,000 á leanúint ar Instagram.
Mar sin féin, deir Séaghan cé gur tógadh ar an bhfeirm é, ní hionann é sin agus a rá gur feirmeoir é.
‘‘Braithim le bheith mar fheirmeoir caithfidh tú a bheith ar an dtalamh go buan. Tá tú ann ó bhreacadh an lae go deireadh na hoíche, tá tú ann don lá. Agus ní féidir liom é sin a rá.’’
Tagann an méid seo agus agóidí fud na hEorpa ag feirmeoirí, agus iad míshásta le costais arda, praghsanna ísle agus dlíthe a chuireann isteach orthu. Sa Bheilg an mhí seo caite, cuireadh 900 tarracóir i mbun agóide lena míshásamh a léiriú leis an rialtas.
In Éirinn, tá an Coimisiún Eorpach tar éis a rá nach bhfuil go leor á dhéanamh ag
an rialtas chun stop a chur le gearradh móna.
Ach deir Ó Suilleabháin ar an bpodchraoladh nach bhfuil ciall le cosc a chur ar dhaoine ag baint móna anseo in Éirinn nuair atáimid ag déanamh impórtáil uirthi.
“Cuireadh deireadh [le móin] in Éirinn seachas do do thig fhéin, b’fhéidir. Ach anois táimid ag impórtáil móin ó áiteanna mar an Liotuáin, agus ní bhraithim go bhfuil ciall leis sin.
“Braithim uaireanta gur níos tábhachtaí d’Éirinn go bhfuil cuma ghlas orainn ná a bheith ag cabhrú leis an timpeallacht.”
Ní cúrsaí feirmeoireachta agus TikTok amháin a mbíonn an Kerry Cowboy
ag plé leo, ach tá sé le feiceáil ar an teilifís i láthair na huaire chomh maith. Tá sé ag tabhairt faoi dhá chlár, Téacs Taistil agus Shockin’ at Gaeilge.
Dúirt sé gurb é seo an chéad chlár teilifíse ar iarradh air a dhéanamh.
“Bhíos ag obair mar mhúinteoir ag an am agus chur Macalla glaoch orm, ag fiafraí an mbeadh aon suim agam clár taistil a dhéanamh ar TG4. Ag an bpointe sin, ní raibh mé tar éis a bheith thar lear. Is dócha i saol na feirme ní fhaigheann tú mórán deiseanna.”
Tá an dara sraith ar siúl faoi láthair ar TG4, áit a bhfuil Séaghan, in éineacht le Proinsias Ó Coinn agus Louise Cantillon, tar éis taisteal go dtí an Aithin sa Ghréig, an tOileán Scítheanach agus Palermo san Iodáil.
Tá Shockin’ at Gaeilge ar fáil anois ar sheinnteoir RTÉ. Sraith é d’fhíseáin ghairide ina bhfuil Ó Suilleabháin ag caint ar ábhair éagsúla.
“Is dócha an rud atá ann i ndáiríre ná go scaraimis an teanga ón ábhar scoile. Go bhfaighidh daoine blasanna de nathanna cainte nach mbaineann le scoil. Cinn a bhaineann leis an saol nádúrtha. Sin é an sprioc a bhí ann,” a dúirt sé.
Beidh eagrán nua de Téacs Taistil ar siúl anocht ar TG4 ag 21.30. Tá podchraoladh Seachtain ar Spotify agus ar Apple Podcasts.
Braithim go bhfuil nach mór gach aon fheirmeoir dá bhfuil ann ag iarraidh bogadh i dtreo gur féidir a bheith níos glaise