Irish Independent - Seachtain

Ba cheart don tír uile a bheith bródúil as Cillian

Is iontach an t-aistear a ghlac Cillian Murphy ó Dhúglas i gCorcaigh go dtí Cathair na nAingeal, a deir Sorcha Ní Dhúbháin

-

Níl aon dabht ach go bhfuil an t-aisteoir Cillian Murphy i mbarr a réime i láthair na huaire.

Bhí na Oscars ar siúl le déanaí agus tá an tUasal Uí Mhurchú tar éis an beart a dhéanamh. Tá sé tar éis an Oscar a bhuachan don obair a dhein sé ag glacadh pháirt Robert Oppenheime­r i scannán Chris Nolan. Bhí iomaíocht ghéar sa chatagóir agus bhí leithéidí Bradley Cooper, Paul Giamatti, Colman Domingo agus Jeffrey Wright ar thóir na deilbhe órga chomh maith. D’aimsigh Paul Giamatti an gradam aisteoirea­chta ag na Critics Choice Awards roimh an Murchach.

Tógfaimid tamall anois chun féachaint ar aistear an aisteora ó Dhúglas i gCorcaigh go dtí Cathair na nAingeal.

Rugadh Ó Murchú ar an 25ú lá de mhí na Bealtaine sa bhliain 1976. Tá cur amach maith ag muintir na tíre seo ar chumas agus ar ildánacht Chillian le fada an lá. Táimid tar éis é a fheiscint i scata taipeántas difriúil ó The Wind That Shakes the Barley go páirt Patrick “Kitten” Brayden sa scannán Breakfast on Pluto. Is é Neil Jordan a stiúir Breakfast on Pluto. Ealaíontói­r cumasach is ea Ó Murchú ná glacann le gnáthpháir­teanna ach a roghnaíonn páirteanna níos neamhghnái­che. Ní bhíonn eagla air dul sa tseans.

D’imigh Ó Murchú chun leagan de A Clockwork Orange a fheiscint i gCorcaigh, dráma a chuir an grúpa Corcadorca ar stáitse. Bhí an dráma dainséarac­h, gnéasach agus

suaiteach. Is é an dráma seo a mhúscail suim an Chorcaígh a bheith páirteach sna taibh-ealaíona.

Thosnaigh sé ag crá Corcadorca chun éisteacht a thabhairt dó. Thugadar seans dó agus as sin a fuair sé a chéad ról aisteoirea­chta. Ghlac sé páirt an déagóra “Pig” sa dráma Disco Pigs. Is é Enda Walsh, an drámadóir iomráiteac­h, a scríobh é.

Bhí Disco Pigs mar gheall ar bheirt déagóirí, Runt agus Pig, a saolaíodh ag beagnach an t-am céanna. Fásann siad aníos le chéile, caitheann siad a gcuid ama ar fad le chéile. Tá nasc láidir eatarthu, a dteanga féinig, cumann siad a gcuid rialacha féinig. Ach trí lá sula mbaineann siad seacht mbliana déag amach, nach mór go dtiteann gach rud as a chéile. Tá Pig lán d’éad fíochmhar. Teastaíonn uaidh an chéad chéim eile a thógaint agus caidreamh fisiciúil a bheith acu. Níl fonn ar Runt an chéim san a thógaint agus sa tslí seo bíonn coimhlint eatarthu.

D’éirigh go maith leis an dráma, chuadar ar camchuairt leis a mhair ocht mí dhéag. As sin, deineadh an scannán Disco Pigs. Bhí Ó Murchú timpeall fiche bliain d’aois ag an am. Chomhoibri­gh Ó Murchú agus Walsh ar scata tionscnamh eile i ndiaidh an scannáin seo.

Tar éis bliain lom, gan aon phost aige, tháinig ról sa scannán 28 Days Later chuige. Is léir go raibh an stiúrthóir Danny Boyle tar éis saothar Uí Mhurchú in Disco Pigs a fheiscint. Sa scannán 28 Days Later, tá víreas tar éis scaipeadh go forleathan. Tagann racht feirge marfach ar éinne leis an víreas.

Tar éis an ochtú lá is fiche, tá an víreas tar éis scaipeadh ar fud na tíre. Tá slua beag daoine atá slán agus ag iarraidh todhchaí a chruthú dóibh féin. Duine den slua is ea Jim, cuiréir rothair a dhúisíonn ó chóma, i gcathair Londan atá anois tréigthe de bharr an apacailips­is zombaí.

Seo an ról a chuir Ó Murchú ar an léarscáil ó thaobh obair scannánaío­chta. Chuaigh Chris Nolan i dteagmháil leis tar éis dó 28 Days Later a fheiscint. Fuair an Corcaíoch éisteacht le haghaidh ról Batman sa scannán Batman Begins a raibh Chris Nolan ag tabhairt fé.

Ní raibh Cillian i gceart chun páirt Batman a thógaint ach dhéan sé sár-jab mar pháirt an Scarecrow.

Le déanaí tá aithne ag daoine air mar Thomas Shelby sa tsraith Peaky Blinders. Arís is tionscnamh d’ardchaighd­eán a bhí in Peaky Blinders. Tá sárscríbhn­eoireacht, sáraisteoi­reacht agus scéalta iontacha sa chlár seo.

Gné eile den chlár a thugann gach éinne faoi deara ná go bhfuil an ceol ar an gclár notáltha ar fad. Tosnaíonn an tsraith sa bhliain 1919, cúpla bliain tar éis chríoch an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Is clann fhoréignea­ch iad muintir Shelby atá sáite sa choireacht agus iad bainteach le himeaglú, cearrbhach­as mídhleatha­ch agus breabairea­cht.

Tosnaíonn muintir Shelby amach mar chuid den lucht oibre in Birmingham. De réir a chéile is iad lucht Shelby atá i gceannas ar Birmingham. Tá fonn orthu an impireacht a neartú. Is é Thomas Shelby atá i bhfeighil agus tá Cillian cumasach mar an fear ag barr na himpireach­ta. Glacann sé an pháirt seo le cumhacht chiúin, bhagrach.

Tá go leor scannán déanta aige le Christophe­r Nolan thar na blianta. Bhí scata páirteanna suimiúla aige cé nach raibh aon phríomhphá­irt riamh aige. Is léir go bhfaca Nolan pictiúr de Oppenheime­r ar chlúdach leabhar. Bhí súile gorma ar Oppenheime­r, cuma dhomhain dhian air.

Cheap Nolan go mbeadh Cillian foirfe chun an déine san a chur in iúl. Bhí sé thar barr Cillian a fheiscint ag tógaint na príomhphái­rte in Oppenheime­r.

Bhog Cillian abhaile go hÉirinn in 2015 tar éis 14 bliana i Londain. I mbun agallaimh, is léir gur duine ciúin, staidéarac­h, modhúil é.

Ba cheart go mbeimis ar fad bródúil as Ó Murchú agus as an éacht a bhain sé amach ar an 10 Márta. Ba é an chéad uair riamh dom mar Chiarraíoc­h a bheith ag scréachach ar son Corcaígh!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland