Osclaíonn Google na doirse do na Gaeil óga
Bhailigh breis agus 600 duine óg ó Ghaelscoileanna i gceanncheathrú Google i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine mar chuid de Sheachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí Kinia.
Chríochnaigh an tseachtain le dhá phríomhimeacht a bhí ar siúl ag Google sa Foundry. Is ceiliúradh bliantúil í Seachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí Kinia ar an teicneolaíocht chruthaitheach do dhaoine óga agus dóibh siúd atá ag obair i scoileanna agus eagraíochtaí atá dírithe ar an ógra.
Is eagraíocht neamhbhrabúis agus fiontar sóisialta atá dírithe ar oideachas é Kinia a thugann cumhacht d’oideachasóirí scileanna atá dírithe ar an todhchaí a thabhairt do dhaoine óga chun barr a gcumais a bhaint amach.
Dúirt Marianne Checkley, príomhfheidhmeannach Kinia: “Tá lúcháir orainn arís go bhfuil an-ghlacadh le Seachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí, ceiliúradh atá aitheanta go náisiúnta anois.
“Faraor, níl rochtain ag gach duine óg ar fud na hÉireann ar na deiseanna foghlama céanna – agus is féidir le neamhionannas san oideachas srian a chur ar a gcumas.
“Ag Kinia, tá sprioc uaillmhianach againn don bhliain 2024 – breisoiliúint a chur ar os cionn 2,000 oideachasóir agus bacainní ar dheiseanna foghlama a bhaint do 11,000 duine óg ar a laghad a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu chun nascadh le pointí tagartha do ghairmeacha amach anseo.
“Táimid fíor-bhuíoch de Google as na himeachtaí a chur ar siúl agus dár gcomhpháirtithe agus maoinitheoirí flaithiúla go léir a thugann tacaíocht dúinn i rith na bliana.
“Bhí an-áthas orainn fáilte a chur rompu chuig na himeachtaí thar an deireadh seachtaine, ionas go raibh siad in ann tionchar a gcuid tacaíochta a fheiceáil.”
Dúirt Jessica McCarthy, LeasUachtarán agus Ceannasaí an tSuímh Innealtóireachta do Google, Baile Átha Cliath: “Tá imeachtaí cuimsitheacha atá dírithe ar an bpobal ar nós Sheachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí ag Kinia fíor-riachtanach chun a chinntiú nach bhfágtar duine óg ar leataobh i dtodhchaí atá ag éirí níos casta agus níos digití.
“Ag Google, ba mhaith linn ár gcion a dhéanamh chun tacú le forbairt ghairmiúil na n-oideachasóirí agus chun foghlaim chruthaitheach daoine óga a cheiliúradh agus a thaispeáint.
“Tá lúcháir orainn imeachtaí na bliana seo a óstáil ag Google, agus táimid ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le Kinia agus iad ag tacú le níos mó daoine óga agus oideachasóirí ar fud na tíre scileanna riachtanacha digiteacha agus atá dírithe ar an todhchaí a fhorbairt.”
Ba bhuaicphointe eile den imeacht é Stáisiún Google Chrome Flex, tionscnamh glas inar féidir le scoileanna a seanchrua-earraí ar nós seanríomhairí a thabhairt leo lena n-athrú go Chromebooks.
Chríochnaigh an tseachtain le Searmanas Bronnta Kinia don Teicneolaíocht Chruthaitheach, áit ar ceiliúradh barrfheabhas i raon tionscadail dhigiteacha agus STEM. Ba iad na láithreoirí Micheál Ó Ciaraidh ó TG4 agus Aindriú De Paor ó 2FM fir an tí ag na himeachtaí.