Irish Independent - Seachtain

Caitheann Cynthia níos mó ar Facebook ná na hiarrthóir­í eile

-

FOCLÓIRÍN

trédhearca­cht: transparan­cy saineolaí: expert

De réir eolas a foilsíodh an tseachtain seo, is í an t-iar-chraoltóir Gaeilge agus iarrthóir Fhianna Fáil i dtoghlach an Deiscirt sna toghcháin Eorpacha, Cynthia Ní Mhurchú, is mó atá ag caitheamh airgid ar fhógraíoch­t ar líne ar Facebook.

Mar thoradh ar rialacha nua maidir le trédhearca­cht atá i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach, ní mór do na hardáin meán sóisialta is mó, leithéidí Facebook, X agus TikTok, eolas a chur ar fáil faoin airgead atá iarrthóirí agus páirtithe polaitíoch­ta a chaitheamh ar fhógraíoch­t ar líne.

De réir an eolais a bhfuil anailís déanta air ag Damien Mulley,

saineolaí cumarsáide agus meán sóisialta, tá 4,100 fógra foilsithe ar na meáin shóisialta ag breis agus 700 iarrthóir.

Cuid acu, ní chaitheann siad ach €10 chun fógra amháin a fhoilsiú – ach dar leis na figiúirí a d’fhoilsigh Facebook/Meta, chaith Cynthia Ní Mhurchú, arb é seo an chéad uair di seasamh i dtoghchán, €11,921 sa 90 lá go tús na seachtaine seo ar 359 fógra, a dhá oiread beagnach ná an méid atá caite ag iarrthóir Fhine Gael san Lár Tíre – An tIarthuais­ceart Maria Walsh (€6,427 ar 16 fhógra) agus ag Lisa Chambers (€6,350 ar 47 fógra).

Ó thaobh na bpáirtithe, is ag Sinn Féin atá na pócaí is doimhne is cosúil nó chaith siad €55,114 ar 151 fógra sa 90 lá go tús na seachtaine, níos mó ná a dhá oiread a chaith Fianna Fáil (€11,329 ar 333 fógra) agus Fine Gael (€7,883 ar 56 fógra) le chéile. Ní mór an €15,553 a chaith Páirtí Phobal na hEorpa ar 47 fógra a chur leis sin, dream lena bhfuil Fine Gael ceangailte san Eoraip.

Tá iarrthóirí sna toghcháin áitiúla ag caitheamh airgid ar fhógraí fosta ar ndóigh, ach ní ar leibhéal iarrthóirí na hEorpa.

Is cinnte go ndéanfar an caiteachas is mó ar thoghcháin an 7 Meitheamh le hais na dtoghchán roimhe seo.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland