Irish Independent - Seachtain

Buaileann Amailín le Tuatha Dé Danann

-

Déantar teifigh de na milliúin daoine ar fud an domhain mhóir gach bliain mar gheall ar thubaistí nádúrtha agus athrú ar an aeráid, cogaíocht agus sárú ar chearta an duine.

De réir na Náisiún Aontaithe, aslonnaíod­h 110 milliún duine óna mbaile féin in aghaidh a dtola ag deireadh mhí Mheithimh 2023.

Is doiligh tuiscint cheart a fháil ar fhigiúirí chomh mór leo agus ar dheacracht­aí chomh casta leo, ach tá ról ar leith ag na healaíona le comhbhá agus comhthuisc­int a mhúscailt ionainn, agus is é sin go díreach atá mar chuspóir ag tionscadal eisceachtú­il domhanda puipéadóir­eachta, Amailín, le The Walk Production­s i gcomhar le heagrais áitiúla ealaíon agus comhairlí áitiúla.

Is puipéad 12 throigh ar airde í Amailín a rinne Handspring, comhlacht puipéadóir­eachta san Afraic Theas. Is teifeach as an tSiria í atá 10 mbliana d’aois atá ag siúl na cruinne.

Ó bhí Iúil 2021 ann, tá sí i ndiaidh dul chuig 160 baile i 16 thír. An tseachtain seo tá sí in Éirinn agus tabharfaid­h sí cuairt ar an Chaisleán Nua i gContae an Dúin agus Iúr Cinn Trá inniu. As sin rachaidh sí ar aghaidh go Dún Dealgan agus Baile Átha Cliath, mar a gcaithfidh sí dhá lá.

Níos luaithe sa tseachtain bhí Amailín i mBéal Feirste agus i nDoire. Léirigh an t-amhránaí Gráinne Holland taibhsiú ealaíonta ag Caisleán

Bhéal Feirste ag bun Bheann Mhadagáin bunaithe ar sheanscéal­ta faoi Thuatha Dé Danann agus na déithe Ceilteacha. Shamhlaigh Gráinne cruinniú idir Tuatha Dé Danann agus Amailín sa léiriú.

“Bhí sé scríofa go dtiocfadh cailín óg darb ainm Dóchas,” ar sí, “agus sin an chiall atá leis an ainm Arabaise Amal. Nuair a thiocfadh sí bheadh Tuatha Dé Danann in ann searmanas a dhéanamh, rud a thabharfad­h na heilimintí uilig le chéile – aer, uisce, talamh, tine agus spiorad. An spiorad, sin an dóchas.” Theastaigh ó

Ghráinne díriú ar chearta an duine agus ar chearta páistí go háirithe sa léiriú.

“Táimid in am iontach dorcha sa domhan seo faoi láthair. Tá ionsaithe ag tarlú ar pháistí. Táimid á fheiceáil sin lá i ndiaidh lae.

“Caitheann Amailín solas ar an dóigh a gcaithfimi­dne mar dhaoine i gcónaí fáilte a chur roimh dhaoine atá i dtrioblóid, atá i bponc, nach raibh de rogha acu ach imeacht ó thír s’acu féin mar gheall ar chogadh.”

Bhí saibhreas ceoil, amhránaíoc­hta agus feistis mar dhlúthchui­d den taibhsiú ag Caisleán Bhéal Feirste agus bhí páirt ag ceathrar déithe Ceilteacha agus ag treibheann­a a d’adhradh iad sa léiriú. Bhí Manannán mac Lir ann le treibh an uisce agus an Dagda ann le treibh na talún. Ina dteannta bhí an Mhór-Ríoghan le treibh an aeir, agus is treibh na tine a bhí le Bríd.

Dúirt Gráinne: “Nuair a thagaimid le chéile leis na heilimintí a cheiliúrad­h – aer, uisce, talamh, tine – sin rudaí a úsáidimid ar fad ar fud an domhain. Is cuma cén treibh nó cén tír as a dtagaimid, táimid uilig mar an gcéanna.

“Sin an teachtaire­acht. Nuair a ghortaíonn tú duine amháin againn, gortaíonn tú muid uilig.”

Tá ceithre imeacht teaghlaigh beartaithe i mBaile Átha Cliath amárach agus Dé hAoine.

Rachaidh sí go Halla na Cathrach agus glacfaidh sí páirt i bhFéile Idirnáisiú­nta Litríochta Bhaile Átha Cliath. Siúlfaidh sí cois Life agus beidh amhránaíoc­ht ar an tsean-nós ag an chuimhneac­hán ar an Ocras Mhór.

I measc na n-eagras agus grúpaí Gaeilge atá ag glacadh páirt sna himeachtaí le hAmailín, tá an compántas amharclann­aíochta Branar, Colm Mac Con Iomaire agus Jiggy, agus bhí páirt ag Manchán Magan i scríobh na liricí do cheol an chóir Tonnta a bheidh le cloisteáil le luí na gréine oíche Dé hAoine ar 9.15pm ag Droichead Samuel Beckett.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland