Irish Independent

C: Sraith pictiúr

-

Bogann an scéal ar aghaidh go dtí pictiúr a dó. Chuaigh na cailíní ar bhus oscailte. Thug siad cuairt ar na radharcann­a cailiúla i lár na cathrach. Ina measc, thug siad cuairt ar Shráid Uí Chonaill, an Spuaic agus Árd-oifig an Phoist. Déarfainn gur bhain siad beirt taitneamh as an turas mar bhí miongháire mór orthu.

Maidir le pictiúr a trí shroich siad Coláiste na Trionóide. Am lóin a bhí ann agus bhí atmaisféar leictreach thart timpeall na hollscoile. Ar aghaidh leo beirt go dtí an bhialann agus bhí ceapairí blasta acu. Shiúil siad suas síos an Leabharlan­n Fhada agus d’fhéach siad ar an Leabhar Cheanannai­s. Cheap na cailíní go raibh stair an leabhair an-spéisiúil.

Is léir ó phictiúr a ceathair go raibh iarnón gnóthach ag na cailíní. Shocraigh siad tacsaí a fháil go dtí Musaem Pháirc an Chrócaigh, Staid Aviva, Gairdín na nAinmhithe agus ÁrdEaglais Naomh Phádraig. Chuaigh na radharcann­a go mór i bhfeidhm ar na cailíní agus bhí feabhas ag teacht ar Bhéarla Liz dár ndóigh.

Leanann an scéal ar aghaidh go dtí pictiúr a cuig. Bhí fonn siopadóire­achta ar na cailíní. Shroich siad Sráid Ghrafton ar a cúig a chlog. Cheannaigh siad éadaí agus seodra agus d’fhéach siad isteach ar na fuinneoga go léir. Bhí sos beag acu i gcaifé Burkes. Bhí siad sáite sa chomhrá agus iad ag ól caifé.

Críochnaío­nn an scéal i bpictiúr a sé. Bhí na cailíní ar bís agus iad ag druidim gar d’Amharclann na Mainistrea­ch. Shroich siad ar a cúig chun a hocht agus bhí slua mór daoine i láthair. Chonaic siad an dráma ‘The Field’ le John B Keane. Cheap na cailíní go raibh an dráma ar fheabhas agus chuaigh sé go mór i gcion orthu. Bhí tuirse orthu ag deireadh an lae.

Sin lá nach ndéanfaidh siad dearmad go deo air!

You must now ask the examiner three questions based on the picture, for example:

(I) Meas tú, céard a bhí á n-ithe ag na cailíní sa chaifé? I mo thuairim, d’ith na cailíní burgairí agus sceallóga. (II) Cad a bhí á dhéanamh acu i gColáiste na Trionóide? Thug siad cuairt ar an Leabhar Cheanannai­s. (III) Cé a scríobh an dráma ‘The Field’? Scríobh John B Keane an dráma ‘The Field’.

When answering the examiner’s questions, keep answers short, to the point and grammatica­lly accurate: (i) Cén áit ina raibh na cailíní i bpictiúr a haon?

Is léir go raibh na cailíní in Aerfort Bhaile Átha Cliath. (ii) Céard a bhí i lámh na gcailíní agus iad sa chaifé ? Bhí biachlár acu. (iii) An ndéarfá gur bhain na cailíní sult as an lá?

Déarfainn go raibh lá iontach acu agus gur bhain siad sult as na himeachtaí éagsúla.

80marc 4 nóiméad The third phase of the oral exam is the picture story. The pictures will be placed face-down or in an envelope in the exam and the examiner will ask you to select one of the 20 pictures on this year’s course. The story can be told in either the present or the past tense. Marks will be awarded for knowledge of the relevant vocabulary required, grammatica­l accuracy and fluency of speech. Always start with reading the title. Proceed with each picture in turn. Speak clearly and without gaps as much as possible. After your telling of the story, you must ask the examiner three questions and the examiner will in turn ask you three questions based on the picture. It is useful to make lists of the keywords required for each picture on flash cards. 70 marks will be awarded for your telling of the picture story and 10 marks for the questions at the end. Tosaíonn an scéal nuair a bhí Mam agus Laoise ag an ngeata teachta in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Chuir siad fáilte roimh Liz, an mac léinn Spáinneach. Bhí sceitimíní ar na cailíní mar bhí sé ar intinn acu dul ar thuras timpeall Bhaile Átha Cliath an lá dár gcionn. Ba chailín díograisea­ch í Liz agus bhí suim mhór aici feabhas a chur ar a cuid Béarla.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland