Cuid II: Ceapadóireacht
100 marc
110 - 115 nóiméad
This is the composition section. 100 marks are awarded for this section – 80 marks for the standard of Irish, 20 marks for the subject at hand. It is divided into three sections on the paper, giving you the choice between an essay, creative story, or debate. A high standard of Irish and grammatical accuracy is paramount in this section. At the top of your exam paper it will state that 500-600 words are required, which roughly translates into three to four pages of written text. On the day of the exam read ALL sections twice before making a final decision on your choice. Do not select a title if you’re in any way hesitant about the exact meaning. This could have detrimental effects should you misinterpret it. When you have made a decision as to your chosen composition, make a plan, placing your paragraphs in order and then proceed. The essay writing exam will be divided as follows: A Aiste
B Scéal
C Díospóireacht / Óráid
Freagra samplach 1
[Step one: Select your option]
Díospóireacht - “Tá lá na Gaeilge caite”, scríofa ag Máirtín Fahy.
[Step two: Devise a plan} PLEAN Díospóireachta
Tús – A Chathlaoirligh..., i gcoinne an rúin..., lucht an fhréasúra
Alt 2: Stadas na Gaeilge, stadas na nGaeltachtaí .... Alt 3: Leanúnachas na teanga, fás na nGaelscoileanna .... Alt 4: An Cultúr fite fuaite leis an teanga ....
A Chathaoirligh, a mholtóirí, a lucht an fhréasúra, a chomhleacaí, a mhúinteoirí, a thuismitheoirí agus a dhaoine uaisle, ‘sé an rún atá ós ár gcomhair anocht ná “Tá lá na Gaeilge caite”. Ní aontaím leis an rún sin ar chor ar bith. Ní aontaíonn mo chomhleacaí leis. Nuair a bheidh deireadh ráite againn triúr, ní aontóidh sibhse leis ach an oiread!
Breathnaigh nóiméad ar an rún, a lucht éisteachta. An bhfaca éinne a leithéid de bhaothchaint ariamh? Truflais! Sin atá ann! An té a cheap an rún seo, caithfidh go raibh sé “ins na cearca fraoigh”! Ar ndóigh, déarfaidh lucht an fhréasúra go bhfuil an Ghaeilge ag meath agus go bhfuil na Gaeltachtaí ag cúngú. Bíodh acu. Tabhair an chluas bhodhar dóibh. Ní shin í fírinne an scéil.
Anois, a dhaoine uaisle, adhmhaím nach bhfuil caighdeán na teanga chomh h-árd b’fhéidir is a bhí ag tús an chéid. B’fhéidir, ach ní h-ionann sin is a rá go bhfuil “lá na Gaeilge” caite. Cheapfadh duine de réir an rúin sin go bhfuil an teanga ar an dé deiridh! Ná bíodh mearbhall ar bith oraibh a lucht éisteachta. Ní bheidh an tsochraid sin againn go deo. Mar a deir Seán Bán Breathnach “Tá an teanga beo beathach”, comh beo is a bhí sí ariamh.
Ná déanaimis dearmad go bhfuil leanúnachas ag baint leis an teanga. Dhá mhíle bliain a mhair sí. Teanga a mhair an oiread sin ama, an baol di? Nach mairfidh sí dhá mhíle bliain eile. Mo cheol iad na Ceiltigh a thug an teanga dúinn. “An Ghaeilge ag meath!”, a deir lucht an fhréasúra. Iarraim orthu breathnú timpeall. Cad a fheicfeas sibh? Naíonraí agus Gaelscoileanna á mbunú ar fud na tíre atá ag freastal ar éileamh na dtuismitheoirí. Dá mbéadh “lá na Gaeilge caite”, cén fáth a mbéadh oideachas trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó na daoine seo.
Is maith atá a fhios againn ar fad, a dhaoine uaisle, go mbeidh éifeacht faoi leith ag an Straitéis Fiche Bliain. Foilsíodh an Straitéis i mí na Samhna 2009. De réir na Straitéise, ní mór do mhúínteoirí bunscoile ábhair ar nós mata agus eolaíocht a mhúineadh trí Ghaeilge. De reir an pholasaí thuasluaite ní hiad na Gaelscoileanna amháin a bheidh ag muineadh eolaíochta agus mata trí mheán na Gaeilge ach chuile bunscoil ar fud na tíre. Ag cur le sin, dealraíonn sé go mbeidh éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal chun leanúnachas na teanga a chaomhnú.
Seo pointe nach bhfuil ar eolas ag ár gcairde, lucht an fhréasúra b’fhéidir. Tá an cnuasach is mó sa domhan de bhéaloideas sa tír seo. Féach an saibhreas mór litríochta atá ann! Faighimid foinsí ár staire agus foinsí ár gcultúr i leabhair mar “An Leabhar Breac”, “Leabhar Ceannanais”, Leabhar na hUidhre”, “Leabhar Laeghin”, gan trácht ar na h-Annála. Nach fiú dúinn an cultúr sin a chaomhnú? Nach fiú dúinn a bheith bródúil as? Nach fiú dúinn uilig an Ghaeilge a chosaint agus a fhorbairt? Is fiú, go deimhin, a lucht éisteachta. Mar is eol dúínn ar fad, is cuid lárnach dár bhféiniúlacht, dár stair, dár n-oidhreacht agus dár n-ionrachas í an Ghaeilge. Eorpaigh sinn anois. Caithfimid bheith ar ár n-aire ár bhféiniúlacht a choinneáil. Tá baol ann go mbeimíd súite isteach i gcultúr na hEorpa. Níl slí níos éifeachtaí ár n-aitheantas a chaomhnú ná trí mheán na teanga. “Tír gan teanga, tír gan anam”, mar a dúirt Tomás Dáibhis.
Anois, a Chathaoirligh, a mholtóirí agus a dhaoine uaisle, táim tagtha go deireadh na scríbe. Tá tuilleadh le rá fós. Fágfaidh mé é sin ag mo chomhleacaí. Tig le lucht an fhréasúra a rogha rud a rá. Tá fhios agamsa go n-aontóidh sibh liomsa, áfach, agus go mbeidh chuile mac máthar anseo ar aon tuairim liom. Éireannach mise, Éireannaigh sibhse, Éireannaigh go smior! Má sea, nach ceart is nach cóir tús áite a thabhairt do theanga ár dtíre. Tá an rún caillte – Níl “Lá na Gaeilge caite”.
Go raibh maith agaibh.
[Step 4- READ BACK OVER AND CORRECT ANY MISTAKES]