Ceist 3: Filíocht
30 marc 40 nóiméad
[NOTE: You are either answering on 3A Filíocht Ainmnithe or 3B Filíocht Roghnach] On the filíocht ainmnithe section, one poem will be examined. Therefore there is no choice in this section. Learning off quotes verbatim is not required as the poem is printed on the paper for you. Having said that, an expert knowledge of the meaning of the lines is essential in so you can select relevant quotes for your answers. Adhere to the question asked at all times and do not waiver. Avoid a mere summary of the verses at all costs; marks are awarded for the discussion on the particular poetic techniques asked.
Filíocht Ainmnithe
Seo a leanas na cúig dhán atá ar an gcúrsa
1. Colscaradh, le Pádraig ac Suibhne 2. Géibheann, le Caitlín Maude
3. An Spailpín Fánach, ( Ní fios cé chum)
4. Mo Ghrá-sa (idir lúibíní), le Nuala Ní Dhomhnaill 5. An tEarrach Thiar, le Máirtín Ó Díreáin (i) Céard é príomhthéama an dáin ‘Colscaradh’? Conas mar a chuirtear an príomhthéama sin os ár gcomhair sa dán? (i)
Dearcadh oibiachtúil an fhile i leith an lánúna agus a gcolscartha is é príomhthéama an dáin seo. Is dán nuaaimseartha simplí é ina ndéanann an file anailís ar mhianta an fhir chéile agus mianta na mná chéile i leith an phósta.
Déantar forbairt ar an téama trí usáid a bhaint as codarsnacht éifeachtach. Sa chéad véarsa, léiríonn an file dearcadh traidisiúnta coinbhinsiúnach an fhir. Teastaíonn uaidh saol simpíi suaimhneach “ar leac a thine” i dteannta a mhná. Teastaíonn uaidh freisin an greann agus an pléisiúr a bhaineann le páistí a riar.Tá sé tábhachtach don fhear chéile go mbéadh sé ag maireachtáil ina cheantar dúchais timpeallaithe ag a mhuintir “i nead a chine”.
Nochtann an file na bundifríochtaí idir an lánúin sa dara véarsa áfach. Tá an bhean chéile ag iarraidh saol iomlán difriúil. Feicimid tríd an meafar “is taobh den bhríste” go bhfuil cothromaíocht agus údarás tábhachtach di. Sa chaoi chéanna tá sé soiléir go bhfuil sí ag lorg saibhris agus rachmais le “leath den chíste”. Teastaíonn uaithi saol galánta nua-aimseartha ag dul ar “saoire thar lear” agus an stadas a bhaineann le “meas na mílte”
Is léir nach bhfuil an lánúin i dtiúin lena chéile agus tagann an téama chun críche ag an deireadh. Fuasclaíodh iad ón teannas trí mheán an cholscartha. Is críoch obann ach éifeachtach é an dá líne deiridh nuair a deireann an file gur “thángthas ar réiteach, Scaradar”.
Ní féidir a shéanadh mar sin ach go bhfuil an dán bunaithe ar théama an cholscartha. Eiríonn leis an bhfile an téama a chur ós comhair an léitheora tríd an gcodarsnacht a léirítear ó thús deireadh an dáin.
Cén ghné den dán is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?
(ii) Anghné is mó den dán a chuaigh i bhfeidhm orm ná an tsimplíocht. Tá sé de bhua ag an bhfile dán cumhachtach a chruthú i mbeagán focal. Usáideann an file friotal gonta simplí gan aon chastacht atá oiriúnach d’ábhar an dáin. An tsaorvéarsaíocht atá in usáid ag an bhfile. Tá an mheadaracht shimplí fite fuaite leis an bhfriotal simplí. Tá an dán bunaithe ar rosc, sé sin a rá, go bhfuil dhá bhéim i ngach líne a chuireann go mór le simplíocht an dáin. Cloistear comhfhuaimeanna tríd síos chomh maith idir “chine”, “tine”, “chlainne”, sa chéad véarsa agus “bhríste”, “chíste”, “mílte” sa dara véarsa. ‘Sé buaic simplíochta an dáin ná an líne deiridh le focal aonair “Scaradar”.
Scríobh nóta ar shaol agus ar shaothar an fhile
(iii) Rugadh Pádraig Mac Suibhne sa bhliain 1942. Rugadh agus tógadh é in Árd Rátha, Co Dhún na nGall. Chuaigh sé i mbun sagartachta in Ollscoil Mháigh Nuaid. Bhain sé céim amach sa Stair agus sa Ghaeilge. Cháiligh sé mar mhúinteoir meanscoile agus bhí sé mar phríomhoide chomh maith. Tá suim mhór aige sa drámaíocht agus bhí sé ag aisteoireacht in Amharclann an damer i mBaile Átha Claith. Bhi páirt aige freisin sa chlár ‘Gleann Ceo’ chomh maith. Tá trí chnuasach foilsithe aige. Tagann an dán ‘Colscaradh’ ón gcnuasach ‘An Solas Uaigneach’ 1992.