Irish Independent

Cuid II: Ceapadóire­acht

- Do chara buan Áine

You must answer two questions on the Ceapadóire­acht section. Each passage you write will be marked out of 50 marks. Part A ‘Giota leanúnach’ requires you to write a passage based on a topical subject on some aspect relevant to either the life of a young person, or a topic relevant to life around us. Part B, Scéal, requires you to write about an event that happened. Personally, I think this is a good option if you rather to write in the past tense. Part C is the letter or email, either formal or informal. Finally, part D is the comhrá.

B. Scéal samplach

D’oscail mé an litir agus léigh mé í. Ní raibh a fhios agam cad ba cheart dom a dhéanamh.Níor chreid mé mo shúile! Léim mé suas san aer le háthas. Cuireadh a bhí ann chun dul ar saoire go dtí an Spáinn le mo chol-cheathrar. An raibh sé seo fíor??!! Bhí áthas an domhain orm agus gan a thuilleadh moille chuir mé fios ar mo thuismithe­oirí chun a fháil amach an raibh cead agam dul. Buíochas le Dia dúirt siad go raibh!!

Coicís ina dhiaidh sin, nuair a chríochnai­gh an scoil i gcomhair an tsamhraidh, thug mo thuismithe­oirí síob dom go dtí an t-aerfort. I gceann cúpla nóiméad, ar aghaidh liom ar bhord an eitleáin. Bhí sceitimíní orm. Nuair a shroich mé aerfort Madrid bhí mo chol-cheathrar ag fanacht liom. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Ansin ar aghaidh linn go dtí an teach. D’aithin mé go raibh an radharc tíre go hálainn agus bhí sé díreach in aice leis an trá!

Faoi dheireadh, shroicheam­ar an t-árasán agus bhuail mé le m’aintin agus le m’uncail. An oíche sin, chuamar amach go dtí an bhialann. Níos déanaí, chuamar go dtí teach tábhairne. Bhí an-chraic ar fad! An lá ina dhiaidh sin, chaith mé an lá ar fad ag snámh agus ag sú na gréine ar an trá. Bhain mé antaitneam­h as.

D’fhan mé ann ar feadh coicíse. Gan amhras, bhí sé go hiontach ar fad. Gach lá, chuaigh mé ag snámh san fharraige agus sa linn snámha. Lá eile, chuamar ag siopadóire­acht sa bhaile mór. Chaith mé beagnach m’airgead go léir. Ag an deireadh seachtaine, chuamar ar thuras bháid go dtí oileán anbheag. Caithfidh mé a rá gurb é sin an saoire ab fhearr a chaith mé riamh i mo shaol!! Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air!!!

C. Litir shamplach

A Mháire, a chara,

Conas atá tu in aon chor? Is fada an lá ó chuala mé uait ach is dócha go bhfuil tú an - ghnóthach ag obair gach lá. Ta brón orm nár scríobh mise níos luaithe ach bhí mé anghnóthac­h chomh maith. An bhfuil tú ag baint taitneamh as na laethanta saoire agus do phost páirt-aimseartha? Tá ag eirí go maith liom féin sa bhialann ach uaireanta bíonn mé fíorthuirs­each tar éis an lá fada.

Ar aon nós beannachta­í ó London! Táim anseo ar feadh an tsamhraidh. Shroich mé an áit coicís o shin. Bhí an t-eitleán go breá. Níor thóg sé ach uair a chloig. Táim ag fanacht in árásán le mo dheirfiúr Laura. Tá sé go hálainn ar fad - an chompordac­h. De ghnáth, oibrím cúig lá in aghaidh na seachtaine. Is bialann Iodáileach í agus bíonn sí plódaithe an t-am ar fad. Tá an bainisteoi­r cáirdiúil agus fearáilte buíochas le Dia ach níl an pá ró-mhaith faraor.

Inné chuaigh mé féin agus mo dheirfúir ar thuras bháid ar an Thames. Bhí sé go hiontach. Tar éis é sin chuamar ar an London Eye. Bhí mé neirbhísea­ch go leor thuas ann! San oíche chuaigh an bheirt againn go dtí amharclann i Leicester Square. Ní fhaca mé an oiread sin turasóirí riamh. An dtiocfaidh tú ar cuairt b’fhéidir? Beidh mé anseo go dtí lár mhí lúnasa.

Bhuel tá sé in am dom dul ag obair. Mar sin fágfaidh me slán leat. Abair le gach duine go raibh mé ag cur a dtuairisce. Beidh mé i dteagmháil leat ar an ríomhphost go luath. Níl a thuilleadh le rá agam. Slán go fóillín a stór agus tabhair aire duit féin. Ceannóidh me bronntanas beag duit. Slán arís agus tóggobogé,

“D’oscail mé an litir agus léigh mé í. Ní raibh a fhios agam cad ba cheart dom a dhéanamh ...... ”

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland