Irish Independent

An mbeidh tú ag tacú le Sasana anocht? Ábhar dubh nó bán atá i gceist!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Is le cúpla lá anuas atá an corn domhanda tar éis lasadh suas, domsa go háirithe. Le cuid dos na foirne móra imithe ní fios cé a bhuafaidh! An cheist a tharraingí­tear anuas i gcónaí ná an mbeidh tú ag béiceach do Shasana?

Bhíothas i bpub Gaelach i New Jersey an tseachain seo caite nuair a bhí Sasana agus an Cholóim ag imirt agus bhí formhór na háite ag béiceach do Shasana, agus is Gaeil a bhí ag ól ann dála an scéil.

Bhí sórt ionaidh orm ag an dtús mar tá rud éigin ionann mar Ghaeil, b’fhéiidir go dtagann an 800 bliain ar ais chugainn nó rud éigin ach tá aithne agam ar mhórán ná féidir leo béiceach don sean-namhaid!

Cuireann sé an t-agallamh sin leis an bhfear ó Chill Chainnigh a bhí ar Sky News i gcuimhin dom nuair a bhí Sasana sa Chorn Domhanda i 2010 agus cuireadh ceist ar an bhfear seo an mbeadh sé ag béiceach do Shasana agus dúirt sé ná beadh.

Cuireadh ceist air, an mbéiceann tú do Shasana riamh agus dúirt sé ná béiceann. An bhfuil aon chúis ann ar domhan go mbeifeá ag béiceach do Shasana a dúirt an té a bhí ag cur na gceisteann­a? Bhuel dá mbeidís i gcoinne Thiobraid Árann!

Cheapas gurb é sin an meon a bhí ag mórán ach is cosúil anois go bhfuil rudaí ag athrú. Nuair a thógann tú san áireamh an méid sa tír seo a bhíonn ag féachaint ar chluichí sacair i Sasana níor cheart go mbeadh aon ionadh orainn, táimid ag caint ar na mílte gach seachtain gan trácht orthu siúd a théann sall go dtí na cluichí.

Chuireas fhéin suim i Harry Kane, Captaen Shasana, ar nós daoine eile mar go dtagann a mhuintir ó Chonamara agus mar sin bheinn sásta dá n-éireodh leis, chun an fhírinne a rá níl a fhios agam puinn eile fén bhfear ach go bhfuil Gaeil istigh ann in áit éigin!

Sea sé an trua nár imir sé d’Éirinn! An cheist atá agam ort ná an mbeifeá ag béiceach do Shasana? Tá’s agam go bhfuil cúiseanna éagsúla ag daoine air seo. Is dóigh liom go bhfuil daoine dubh nó bán ar an gcúram.

Ach sé an rud a chuireann isteach ormsa ná an ‘tá peil ag teacht abhaile’ atá acu. Níl an corn domhanda ach buaite acu uair amháin agus tosnaíonn siad leis an gcraic seo agus táim bréan dó!

Agus ar an mbonn sin amháin go mbead ag béiceach don bhfoireann eile. Is cuma cé a bheidh sa cluiche ceannais mar go mbeidh Ciarraí agus Gaillimh ar siúl ag an am gcéanna!

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland