CÚPLA MÍ? BHUEL – NÍ RAIBH ORAINN FANACHT!
DEA-SHEACHTAIN: NA BUACHAILLÍ SA TÉALAINN
Dúirt mé an tseachtain seo caite go raibh súil agam go mbeadh dea-sheachtain eile le scríobh agam faoin bpluais sna Téalainn i gceann cúpla mí, bhuel ní raibh orainn fanacht ró-fhada.
Ar an drochuair, bádh oibrí deonach den fhoireann tumadóirí tarrthála agus é ag déanamh taiscéalaíochat ar an áit. Mar gheall ar bhagairt monsúin, chuir rialtas na Téalainne dlús leis na pleananna chun na trí dhuine dhéag a shábháilt ón
lúbra pluaiseanna contúirteach.
Ar an dea-uair, d’éirigh leo agus tá an slua ar fad in áit shábháilte chun breathnú ar Shasana cailleadh anocht. Ó, agus lena gcuid tuismitheoirí ceanúla is dócha.
DROCHSHEACHTAIN: POLAITÍOCHT NA BREATAINE
Táim go hiomlán mearaithe. Leis an éiginnteacht pholaitiúil sa Bhreatain, níl a fhios agam an dea-sheachtain nó drochsheachtain é do Shasana. Ar ndóigh, tá an tír ag titim as a chéile ó thaobh taidhleoireachta, eacnamaíochta agus idirbheartaíochta faoin mBreatimeacht ACH tá ag éirí go hiontach ar fad leo sa Chorn Domhanda.
Dá mbeadh an cás céanna ag Éirinn agus ginid an lampa os mo chomhair le hachainí a dhéanamh agam, bheadh orm smaoineamh go cúramach air.
Ar ndeiseoinn todhchaí na tíre ar fad, nó an gcinnteoinn go mbuafadh Éire?
Nílim fiú cinnte.