‘In am ag cáin chathrach i mBÁC óstáin faoin tuath a shábháil . . .’
Tá líon na gcuairteoirí go dtí contaetha taobh amuigh den ‘Triantán Órga’ tar éis titim suas le 30% i gcomparáid leis an mbliain seo caite, a léiríonn figiúirí a fuair Seachtain.
Tá na staitisticí ó Chónaidhm Óstán na hÉireann an-difriúil leis na figiúirí oifigiúla a léiríonn méadú 3.7% sa chéad leath den bhliain don tír ar fad.
D’admhaigh an tAire sinsearach Shane Ross ag preas-ócáid níos túisce an tseachtain seo gur thit líon na gcuairteoirí iasachta níos mó ná 4% i mí na Bealtaine agus dúirt sé go gcreideann sé gurb iad na fadhbanna
airgeadra leis an Ríocht Aontaithe agus an Breatimeacht is cúis leis an laghdú sin.
Ach deir lucht óstán feargacha go bhfuil an titim i bhfad níos mó sna contaetha san iarthar agus ar an teorainn.
Eitlíonn formhór mór na gcuairteoirí iasachta isteach go Baile Átha Cliath agus ansin fanann siad sa triantán idir Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Ciarraí.
“Tá margaí na Ríochta Aontaithe agus Thuaisceart Éireann thíos idir 20-30% ar an iomlán. Sin mar atá cúrsaí i ndáiríre sna contaetha san iarthar agus ar an teorainn,” a dúirt Paul Diver ón gCónaidhm a ritheann Óstán an Sandhouse i Ros Neamhlach, Contae Dhún na nGall.
“I nDún na nGall, bhíodh óstáin i dtuaisceart an chontae ag brath ar mhargadh bainise Thuaisceart Éireann go traidisiúnta do sciar mór
Tá triúr pearsan aitheanta ó shaol na meán Gaeilge ainmnithe le bheith ina n-ambasadóirí do leabhair Ghaeilge.
Is iad Caitlín Nic
Aoidh (ar dheis), Bláthnaid Ní Chofaigh ó RTÉ (thíos ar chlé), agus Mícheál Ó Ciaraidh ó TG4 (thíos ar dheis) na pearsana a roghnaíodh le bheith ina gcéad ambasadóirí chun léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.
Dúirt Breandán Ó hEaghra, stiúrthóir an fheachtais ,go raibh sé “thar a bheith ríméadach” go bhfuil ambasadóirí “den chéad scoth” ag obair ar an bhfeachtas chun daoine a spreagadh le leabhair Ghaeilge a cheannach. “Beidh na hAmbasadóirí ag cuidiú linn chun an focal a scaipeadh i dtaobh na siopaí leabhar uilig a chuireann leabhair Ghaeilge chun tosaigh, agus i dtaobh na mór-ócáidí ar fad a bheidh ar siúl faoi scáth an fheachtais,” a dúirt Ó hEaghra le Seachtain tar éis an tseolta.