Irish Independent

‘Sábháil ostáin faoin tuath le cáin ó BÁC’

-

Ar lean ó leathanach 27 dá ngnó. Tá an margadh sin tite as a chéile ar fad leis an titim ar an steirling.

“Tá na hóstáin sin 30% níos daoire ná mar a bhí dhá bhliain ó shin mar gheall ar an

ráta malairte.”

Deir Paul go bhfuil titim níos mó arís sna hóstáin sna contaetha ar an teorainn a bhíonn ag brath ar mhargadh na ndaoine atá

scor ach gníomhach agus ar thurais bhus.

“Bhíodh busanna ag tabhairt idir 40 agus 50 custaiméir le haghaidh saoire i lár na seachtaine, agus anois níl acu ach 15 nó 20 duine – nó níl siad ag teacht ar chor ar bith. Tá sé scanrúil.”

Deir an t-óstánaí go bhfuil an tionscal ag fulaingt freisin mar gheall ar an méadú ar an ráta CBL i mbliana, a chuirfidh iallach ar roinnt gnóthaí dúnadh don fhómhar agus don gheimhread­h chun airgead a shábháil.

“Ar chúl atáimid ag dul,” a dúirt sé mar fhocal scoir.

OSCAILTE

“Tá margadh Bhaile Átha Cliath go hiomlán difriúil. Creidimid fós gurb é an rogha is fearr ná cáin chathrach a ghearradh ar chuairteoi­rí ar Bhaile Átha Cliath agus ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm faoin tuath má tá cuid dár n-óstán le fanacht oscailte.

“Caithfidh an rialtas éisteacht sula mbíonn sé rómhall.”

Bhí lucht leanta ana-mhór ag Brendan Grace inár dtig-ne i gcónaí agus nuair a chuala go mbeinn ag déanamh agallamh leis i Jupiter Florida agus mé ann le linn sraithe bhíos ag súil go mór leis.

Is cuimhin liom nuair a bhíos óg, bhíodh téip sa charr ag mo Mháthair de Bhrendan. Is cuimhin liom ‘Bottler’.

Dúirt lem’ Mháthair gur cheapas go raibh Bottler ana-ghreannmha­r. Ní mó ná sásta a bhí sí! Bhí an t-amhrán ‘Combine Harvester’ air chomh maith. Sin amhrán a fhanann leat, ní raibh aon ‘Tinder’ ann nuair a tháinig an t-amhrán sin amach. Saol simplí a bhí ann.

Bhíomar ar an gcósta thoir in 2010 agus sinn ar an tslí ó dheas do shraith ar Route 1 chun bualadh le Brendan.

Amach linn don ndinnéar agus ba é Brendan a bhí i lár an aonaigh agus é mar Rí an bhoird. Bhí sé deas a bheith ann ag féachaint ar dhuine a bhí ag baint sult as an saol.

Is cuimhin liom a bheith ar thaobh na farraige, an t-uisce ag teacht suas orainn agus an ghaoth ag séideadh isteach chugainn agus gach éinne ag gáire!

Newspapers in English

Newspapers from Ireland