DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: AN TONN GHLAS
Braithim go raibh na meáin measartha deas do dhaltaí Ardteistiméireachta i mbliana, ní fhaca mé an brú ná buile a bhíonn ann de ghnáth, bhíomar go léir srianta go leor ar ócáid a bhíonn ina praiseach de cheannlínte cluain chliceála agus táblóideachas de ghnáth.
Bhí an-iompar uainn go léir - mar sin beidh ort é a mhaitheamh dom as beagán anailíse iar-chluiche a dhéanamh anois.
Scaoileadh staitisticí CAO an tseachtain seo agus tá méadú mór ar iarratais le haghaidh cúrsaí a bhaineann le “Staidéar na Glaise”, chomh hard le 25% i gcásanna áirithe. Is dóigh liom gur féidir le hóige an lae inniu an todhchaí a fheiceáil, agus tá a fhios acu cad iad na cúrsaí ina mbeidh poist ann agus a chuirfidh leis an tsochaí. I nóta buartha agus ceangailte, tá laghdú 54% ar iarratais ar staidéir iriseoireachta agus cumarsáid. B’fhéidir gur chóir dom féin foirm a chur isteach.
DROCHSHEACHTAIN: CÓRAS NA BPOINTÍ PIONÓIS
Bíonn conspóid ann i gcónaí leis an gcóras pointí seo, agus sé an ceann is déanaí ná go bhfuil seans ann nach bhfuair dhá thrian de na tiománaithe a ciontaíodh as cionta luais na pointí riachtanacha de réir figiúirí a eisíodh do TD Tommy Broughan ó na Seirbhísí Cúirte le gairid.
Níor chuir dhá thrian de na daoine a ciontaíodh sa chúirt a gceadúnas tiomána ar fáil agus mar sin níor cuireadh na pointí leis i mórán cásanna, i gcásanna eile ní raibh ceadúnais Éireannacha ag tiománaithe nó ní raibh aon cheadúnas tiomána acu ar chor ar bith.
Tá sé aisteach, le scriosadh na bpointí go léir i gcásanna áirithe, agus gan pointí á gcur i bhfeidhm i gcásanna eile, is é an t-aon chuid den chóras seo atá ag obair go comhsheasmhach ná an chuid ina mbailíonn siad airgead.
Buíochas le Dia go bhfuil an chuid sin ag feidhmiú i gceart.