‘Tá baol ann nach mbeidh na coláistí samhraidh oscailte arís’
Ní mór tascfhórsa a bhunú chun teacht i gcabhair ar choláistí samhraidh na Gaeltachta nó tá baol ann go mbeidh cuid acu nach n-osclóidh arís i ndiaidh na paindéime.
Sin é sprioc an rúin atá á mholadh ag Craobh Phobal Gaeilge Cúig Déag Chonradh na Gaeilge, craobh atá lonnaithe i dtoghcheantair an Aire Stáit don Ghaeltacht Jack Chambers, ag Ardfheis an Chonarthaabheidharlíneag an deireadh seachtaine.
“Tá an t-am ag sleamhnú uainn – ní fada go mbeidhmíanMhárta linn agus níl aon chinnteacht ná treoir shoiléir ag na coláistí samhraidh ná mná tí maidir le cad atá le déanamh an samhradh seo,” arsa Paula Melvin (ar dheis), Tánaiste Chonradh na Gaeilge agus moltóir an rúin a phléifear ag an Ardfheis.
“Tá an chontúirt ann i gceantair áirithe Ghaeltachta mura mbíonn cúrsaí ar siúl den dara bliain as a chéile, nach mbeidh siad ann arís.
“Ní bheidh sin go maith do mhná tí ná do gheilleagar na Gaeltachta.”
Go dtí anuraidh d’fhreastail isteach is amach le 27,000 déagóir ar na cúrsaí samhraidh agus b’fhiú suas le €50m do gheilleagar na Gaeltachta na coláistí Gaeilge. Cuireadh ar ceal iad anuraidh mar gheall ar an bpaindéim.
Tuigtear go bhfuil moltaí á réiteach ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) maidir le reáchtáil na gcoláistí samhraidh ach níl sé sin ag tarlú tapa go leor.
“Tá áirithintí á nglacadh ag coláistí samhraidh ó roimh an Nollaig agus cúrsaí le linn mhí an Mheithimh lán cheana féin agus gan aon chinnteacht ann fós go mbeifear in ann iad a chur ar siúl,” arsa Paula. Beidh aitheasc oscailte na hArdfhéise á thabhairt i mbliana ag Catherine Martin, Aire Sinsearach na Gaeltachta, agus is freagra é sin ar éileamh an Chonartha go mbeadh Aire Sinsearach le Gaeilge freagrach as an nGaeltacht.
Tá go leor rún le plé ar chlár na hArdfheise agus moltaí ann maidir le comharthaíocht dhátheangach agus neartú Acht na dTeangacha Oifigiúla.