Imelda, Declan agus Bláthnaid ainmnithe mar ambasadóirí ar Sheachtain na Gaeilge 2021
Tá Imelda May mar ambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana in éineacht leis an chraoltóir Bláthnaid Treacy agus captaen fhoireann iománaíochta Luimnigh Declan Hannon. Fógraíodh an scéal agus Hannon agus Treacy i mbun comhrá dátheangach ar chlár raidió Bhláthnaide, StaidAir, oíche
Luain.
Dúirt Hannon, buaiteoir
Chorn Liam Mhic Cárthaigh faoi dhó le Luimneach, go raibh “bród” air as an teanga.
“Is cúis onóra é dom a bheith mar ambasadóir do
Sheachtain na Gaeilge le
Energia i mbliana.
“Is cuid thábhachtach í an
Ghaeilge den CLG agus cuireann sí go mór le saibhreas agus spraoi na gcluichí
Gaelacha.
“Táim ag tnúth go mór le níos mó Gaeilge a labhairt agus a chloisteáil ar an bpáirc imeartha agus tá súil agam go ndéanfaidh sibh iarracht ollmhór an
Ghaeilge a chur chun cinn i ndomhan an spóirt chomh maith!” Dúirt Bláthnaid Treacy, atá ag cur an clár dátheangach StaidAir i láthair ó mhí Eanáir i leith chun freastal ar lucht na hArdteistiméireachta agus iad ag tabhairt faoin scolaíocht bhaile, go raibh “ríméad” uirthi a bheith mar
ambasadóir. Táim sona sásta mo chuid dualgas a roinnt leis an dá ambasadóir eile, Declan agus Imelda, atá mar eiseamláirí ina gcuid réimsí.
“Is mór an onóir a bheith in ann an Ghaeilge a chur chun cinn agus bhí mé an-bhródúil asam féin nuair a d’fhógair mé ambasadóirí na bliana seo ar mo chlár ar RTÉ 2FM, StaidAir.
“Táim ag tnúth go mór leis an bhféile agus tá súil agam go mbeidh níos mó daoine ag úsáid a gcúpla focal!”
Tá Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar theanga agus cultúr na tíre seo, á heagrú ag Conradh na Gaeilge ó bhí 1902 ann.
Beidh seoladh na féile ar siúl go fíorúil Dé Luain seo chugainn ar a 8in, agus béim ar leith ar imeachtaí ar líne i mbliana de bharr shrianta na paindéime.
“I mbliana beidh go leor imeachtaí ar siúl ar líne, mar sin tá níos mó deiseanna ná riamh ann do dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile, is cuma cá bhfuil siad,” a dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge. “Molaim d’éinne, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu, páirt a ghlacadh in imeachtaí i mbliana. “Ó dhaoine ag tosú ar a dturas teanga, iad siúd atá ag foghlaim arís agus daoine atá líofa ach nach bhfaigheann an deis a gcuid Gaeilge a úsáid chomh minic agus ba mhaith leo, tá ócáid ann do gach duine.”
Tá Imelda May ar thús cadhnaíochta sa cheol Éireannach le blianta, ach is léir ar na mallaibh an caidreamh atá á chothú aici leis an Ghaeilge.
I ngiolc i mí Lúnasa anuraidh, chuir sí a haiféala in iúl gur “goideadh” an teanga uaithi: “Théis amharc ar #Fleadh2020 ar @ TG4TV tá mé go hiomlán faoi bhrón ag an teanga a goideadh uaim. Na scéalta, an fhilíocht, amhráin ar chóir dóibh a bheith ar mo theanga. An náire go bhfuil orm mo theanga féin, nár chóir gur baineadh í uaim a fhoghlaim mar pháiste. #gaeilge”. Is féidir an t-eolas ar fad maidir le himeachtaí na féile a aimsiú ar snag.ie agus ar peig.ie.