ÉALÚ AG TEASTÁIL UAINN I RITH NA DIANGHLASÁLA...
Nuair a chuala naoi seachtaine eile, bhíos ag rá liom fhéin go bhfuil agus go mbeidh éalú de shórt éigin ag teastáil uaim. Nuair a chuimhníos i gceart air, bhí mo chuid bealaí éalaithe riamh agam.
Ní féidir éalú ar fad ón méid atá ag tarlú i láthair na huaire, ach tá slite ann chun dearúd a dhéanamh air agus ní haon drochrud é sin.
Bhí sé go hiontach go raibh an t-iarmharcach Jane Mangan ar an gclár agam an tseachtain seo caite.
Is anailísí í anois le rásaíocht RTÉ agus caithfidh mé a rá go bhfuil sí ar fheabhas. Bhíomar ag caint ar Cheltenham agus ná raibh ann ach mí go dtí go mbeadh na ráiseanna móra ar siúl agus sceitimíní áthais ag teacht orainn beirt.
Beidh sé difriúil i mbliana, ach nuair a bheidh na capaill mhóra ag rith ins na ráiseanna móra is féidir linn éalú isteach i ndomhan na rásaíochta leo.
Níl puinn spóirt eile ann na laethanta – sé an trua nach bhfuil an chaid agus an iomáint ar ais go fóill.
Toisc go mbím ag obair ar chlár cainte i rith na seachtaine, ní bhíonn aon fhonn orm suí síos agus féachaint ar a leithéid nuair a bhím saor agus le déanaí siad na seanchláracha is mó go bhfuil suim agam iontu.
An clár teilifíse is fearr liom i láthair na huaire is ea The Fugitive. Sea an clár sin le David Janssen a bhíodh ar siúl sna 60idí. Sea, sin an ceann.
Is cuimhin le mo mháthair na cláracha seo ag teacht amach go seachtainiúil mar go raibh cónaí uirthi in Chicago le linn an ama sin.
Tá sé cosúil le clár eile a thaithníonn go mór liom agus sin Murder She Wrote le Angela Lansbury (ar dheis). Díreach
ar nós JB Fletcher, leanann trioblóid an Dr Richard Kimble gach áit a dtéann sé.
Níl a fhios agam cad é ach is breá liom é. Tá sé chomh simplí do chlár is atá ann agus gan dabht ní bhíonn puinn céile le ana-chuid dos na rudaí a tharlaíonn, ach fós fhéin is éalú iontach é domsa.
An bhfuil clár a thugann an sásamh sin duitse?
Cloisim ana-chuid daoine ag caint ar phodchraoltaí agus tá ana-chuid acu ann. Daoine ag caint ar gach aon ní.
Mátásuim agat in aon rud fánach tá podchraoladh ann duit.
Arístdeir daoine gur éalú iontach é seo. Níor thosnaíos ar aon cheann rialta go fóill, ach bím ag éisteachtle closleabhair ar dhlúthdhi oscaí agus mé sa charr an tam ar fad. Thosnaíos le mo chéad cheann
cúpla mí ó shin agus caithfidh mé a rá go mbainim ana-shásamh astu.
Sin ráite, thóg sé tamall orm dul i dtaithí orthu. Bhínn ag éisteacht nóiméad amháin agus míle uaidh leathshoicind ina dhiaidh sin.
Táim díreach críochnaithe le leabhar fé bhás JFK. Sea, cloisim thú, cá bhfuil sé seo ag dul lena chlosleabhar ar dhlúthdhioscaí agus aipeanna ann dó sin anois?
Díreach ar nós The Fugitive, is maith liom rudaí simplí!
Pé scéal é, Bealtaine a dúradar ag an ndeireadh seachtaine. Féach air mar seo. Tá an chéad lá do Mhárta ann Dé Luain seo chugainn.
Ní ró-fhada ina dhiaidh sin Lá ’le Pádraig, dhá dheireadh seachtaine saoire bainc, tamall beag ina dhiadh sin agus beimid ann!