Irish Independent

Farrell faoi bhrú

Bua nó féachaint chun cinn in aghaidh na hIodáile?

- Le Gráinne McElwain

Thug Andy Farrell dúshlán don fhoireann an tseachtain seo caite – faigh an bua sna trí chluiche dheireanac­ha atá fágtha i gComórtas na Sé Náisiún in aghaidh na hIodáile, na hAlban agus Shasana.

Tá Farrell faoi bhrú le hÉirinn agus a gcéad dá chluiche caillte sa chomórtas, an chéad uair a tharla sé ó 1998.

Bhí bliain den scoth ag na hÉireannai­gh in 2018 nuair a bhuaigh siad an Grand Slam agus ar an Nua-Shéalainn faoi dhó, ach is ar chúl a chuadar ó shin.

Seo foireann atá i mbun atógála ach tá deacracht mhór ag Farrell mar go bhfuil sé fós ag brath ar Johnny Sexton agus Conor Murray sna leathchúla­ithe agus tá sé ag iarraidh córas nua imeartha a chur i bhfeidhm.

Tá go leor cainte déanta le cúpla seachtain anuas faoin treo a bhfuil an fhoireann ag dul ó thaobh taicticí agus stíl imeartha. Caithfidh mé a rá go bhfuil trua agam dó mar níl an méid sin ama faighte aige leis an fhoireann agus a bheifeá ag súil leis.

Ag an am chéanna tá sé faoi scáil mhór Joe Schmidt agus tá an baol ann nach n-éireodh le foireann na hÉireann an dul chun cinn céanna a dhéanamh.

Tá Farrell i bponc mar ar lámh amháin, tá taithí cluichí ag teastáil ó roinnt imreoirí agus súil á caitheamh chun cinn ar Chorn an Domhain i gceann cúpla bliain. Ach ar an lámh eile, caithfidh Éire cluichí a bhuachan.

Bí cinnte go bhfuil ról lárnach ag ceist an airgid ar chinneadh

Farrell agus é ag roghnú na foirne a chuirfeas sé chun páirce chomh maith.

Tá difear leathmhill­iúin idir an cúigiú agus séú háit ar an tábla agus milliún punt idir an ceathrú agus an séú háit i nduaischis­te an chomórtais. Tá sé sin thar a bheith tábhachtac­h i mbliana agus ganntanas airgid ar na heagraíoch­taí rugbaí uilig.

Cúis mhaith eile do Farrell chun foireann láidir a chur chun

páirce ná nach féidir le hÉirinn cailleadh. Dá gcaillfead­h Éire, seans maith gur acu a bheadh an spúnóg adhmaid.

Ba chóir go ndéanfadh Éire an beart tar éis dóibh an Iodáil a bhualadh 10 n-uaire ó chaill siad ina n-aghaidh in 2013. Staitistic dhamanta don Iodáil ná go bhfuil 28 cluiche as a chéile caillte acu ó fuair siad an lámh in uachtar ar Albain in 2015.

Thug an briseadh coicíse seans do na himreoirí ar nós Johnny Sexton, James Ryan agus Conor Murray teacht as gortuithe beaga. Beidh Sexton agus Murray ag toiseacht le chéile den 64ú huair ag an deireadh seachtaine. Níl Harry Bryne ná Jack Carty ainmnithe ar an phainéal, le Billy Burns agus Ross Byrne mar uimhir a dó do Sexton.

Cinnte, tá seans caillte deis a thabhairt d’imreoirí úra tosnú ach mar is eol dúinn ní féidir neamhaird a dhéanamh den airgead.

 ??  ??
 ??  ?? Náisiún Comórtas na Sé
An Iodáil v na hÉireann An Róimh Stadio Olimpico, Dé Sathairn @14.15.
Brú: Níl go leor ama faighte ag Andy Farrell lena fhoireann
Náisiún Comórtas na Sé An Iodáil v na hÉireann An Róimh Stadio Olimpico, Dé Sathairn @14.15. Brú: Níl go leor ama faighte ag Andy Farrell lena fhoireann

Newspapers in English

Newspapers from Ireland