Draíocht Klopp de dhíth agus Learpholl in ísle brí
Is fada an píosa é seachtain i gcúrsaí polaitíochta a deirtear, ach is féidir an rud céanna a rá faoi chúrsaí spóirt. Cá bhfuil an mhuinín, an sotal, an sodar, na cúil dhraíochtúla, an carachtar a léirigh Learpholl anuraidh?
Faoi láthair, seasann siad sa séú háit ar chlár na bpointí ar 40 pointe. Ag an am seo anuraidh bhí Learpholl 33 pointe níos fearr as.
D o lucht tacaíochta Learphoill, cheap siad nach bhféadfadh rudaí éirí níos measa ach tharla sé ag an deireadh seachtaine nuair a fuair Everton an lámh in uachtar orthu 2-0 chun buachaint in Anfield den chéad uair ó 1999 i leith.
Sin an ceathrú cluiche as a chéile sa bhaile atá caillte ag na seaimpíní agus níor tharla sé sin cheana ó 1923.
Gan dabht, bhí tionchar an-mhór ag na gortuithe an séasúr seo agus captaen na foirne Jordan Henderson curtha ar an liosta sin anois chomh maith.
Gortaíodh é in aghaidh Everton, an cúigiú cosantóir atá in easnamh mar gheall ar ghortú. Faoi láthair, tá Virgil Van Dijk, Joe Gomez, Joël Matip, Fabinho agus anois Henderson caillte acu ón chosaint. Cinnte tá ról mór ag na gortuithe ar thaispeántas na foirne ach tá níos mó ná sin i gceist.
Easpa muiníne. Cé a cheap go mbeadh muid ag caint faoin gcúl báire Allison sa chomhrá seo ach sin a tharla sna cluichí i gcoinne Manchester City agus mar gheall ar drochbhotúin uaidh bhuaigh City, na seaimpíní ó 2019, 4-1 orthu.
In aghaidh Leicester chomh maith bhí Learpholl 1-0 chun cinn agus ag imirt go maith, ach arís míthuiscint sa chosaint agus d’éirigh le Leicester an bua 3-1 a chrochadh leo.
Rud eile ná nach bhfuil Learpholl chomh míthrócaireach os comhair an chúil is a bhí siad anuraidh.
Tá siad fós ag cruthú na seansanna ach níl an buille marfach céanna le feiceáil uathu. Dá bharr sin, tá pointí fágtha ina ndiaidh acu.
Roimh an Nollaig bhí deacrachtaí acu cluichí a bhuachaint as baile le comhscór faighte acu in aghaidh leithéidí Brighton, Fulham, West Brom Albion agus Newcastle United a bhí ar íochtar an tábla.
Ón Nollaig ar aghaidh, ní raibh siad thar mholadh beirte sa bhaile le ceithre chluiche as cúig cinn caillte acu in aghaidh foirne ar nós Burnley agus Brighton Hove Albion.
Tá sé féaráilte a rá go bhfuil Learpholl faoi bhrú anois chun cáiliú do Shraith na Seaimpíní an bhliain seo chugainn.
Tá siad fós sa chomórtas i mbliana le Leipzig chun teacht go Anfield don dara cluiche agus bua 2-0 ag Learpholl ón chéad chluiche.
Beidh Sheffield United as baile ag Learpholl ag an deireadh seachtaine le bua rí-thábhachtach chun fanacht san iomaíocht don cheathrú háit.
Jab mór le déanamh ag na seaimpíní agus beidh le feiceáil cén chumhacht atá ag Jürgen Klopp féinmhuinín a spreagadh sa ghrúpa arís.