Dúshlán Sheachtain na Gaeilge tugtha do Imelda ar sheó Norton!
Dúshlán tugtha do Imelda May ag seoladh Sheachtain na Gaeilge chun Gaeilge a labhairt ar chlár Graham Norton.
Tá dúshlán tugtha don amhránaí, atá ina hambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge 2021, cúpla focal Gaeilge a úsáid agus í ar chlár Norton Dé Aoine – agus gach cuma ar an scéal go dtabharfaidh sí faoi!
Ag labhairt di ag seoladh fíorúil
Sheachtain na Gaeilge oíche Luain, dúirt Imelda: “Níl a fhios agam an mbeadh sé fóirsteanach, ach d’fhéadfainn iarraidh air ‘an bhfuil cead agam dul amach go dtí an leithreas?’ – sin an t-aon rud amháin atá ar eolas againn ar fad! Ach déanfaidh mé iarracht rud níos fearr ná sin a aimsiú le rá as Gaeilge.”
Bhí sí ag labhairt ar phainéal in éineacht le láithreoir RTÉ Bláthnaid Treacy agus captaen fhoireann iomána Luimnigh Declan Hannon, atá mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge. Thug an craoltóir Niamh Ní Chróinín, a chuir an painéal i láthair, dúshláin do na hambasadóirí an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla ina saol féin.
Dúirt Imelda gur tháinig “brón ollmhór” uirthi le déanaí faoina heaspa Gaeilge, agus í ag iarraidh ar an cheoltóir Liam Ó Maonlaí amhráin Ghaelacha a aistriú di.
“Ba chóir go mbeidís ionam – ní hamháin na hamhráin ach scéalta na ndaoine chomh maith, ba mhaith liom go mbeadh aithne agam orthu. Ba mhaith liom breathnú ar an am atá thart agus foghlaim uaidh don todhchaí, ach caithfidh mé teanga a fhoghlaim chun sin a dhéanamh.”
Bhí Bláthnaid Treacy ar aon intinn le Imelda maidir leis an “náire” atá ar roinnt daoine ó thaobh labhairt na Gaeilge de.
“Is cuma muna bhfuil ach dhá nó
trí fhocal agat – má tá tú Éireannach, is leatsa an teanga seo,” a dúirt sí.
Le cúpla seachtain anuas, tá Bláthnaid ag cur clár dátheangach i láthair ar RTÉ 2FM, StaidAir, a bhfuil mar aidhm aige muinín sa Ghaeilge a chothú i measc scoláirí na hArdteistiméireachta – agus dúirt sí go raibh an Ghaeilge mar bhuntáiste mór di agus í ag tosú in earnáil na meán.
“Sin an dóigh a bhfuair mé mo chos sa doras, níl a fhios agam cá háit a mbeinn gan an teanga!”
Labhair Declan Hannon maidir leis an “seanchaidreamh” atá idir an Ghaeilge agus an CLG – agus ghlac sé leis an dúshlán óráid ghlactha a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge má éiríonn leis Corn Liam Mhic Cárthaigh a thógáil den tríú huair ag deireadh na bliana seo.
“Seans go mbeadh múinteoir de dhíth orm, ach éireoidh liom le cuidiú Dé!”
In óráid ag tús an tseolta, dúirt an tUachtarán Micheál
D Ó hUigínn (ar dheis) go bhfuil sé de dhualgas orainn “daoine ar gach leibhéal a mhealladh don Ghaeilge,” agus gur dea-scéal atá ann go bhfuil daoine ó phobail nua in Éirinn lárnach san fhéile i mbliana.
“Is féile í Seachtain na Gaeilge don phobal i gcoitinne, idir nua-chainteoirí, chainteoirí líofa, agus iadsan go léir nach féidir a rangú go néata sna catagóirí seo,” a dúirt sé.
“Nuair a thuigimid luach na teanga agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid, ag an am céanna, luach na dteangacha eile a úsáidtear in Éirinn, anois, agus tábhacht na dtraidisiún éagsúil atá ag maireachtáil ar
scáth a chéile fud fad na tíre.
“Is áit ilteangach, ilchultúrtha í an t-oileán seo, idir an Ghaeilge, an Béarla agus an iliomad teanga a labhraítear in Éirinn go laethúil. Dá bharr sin, tugann sé áthas faoi leith dom go mbeidh Lá na bPobal Nua á cheiliúradh le linn an Féile.”
Maidir leo siúd atá as cleachtadh sa Ghaeilge, dúirt sé gurb é an moladh atá aige ná “tabhair an dara seans don teanga”.
Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ar siúl ón 1-17 Márta, le himeachtaí eagraithe ag grúpaí Gaeilge ar fud na tíre. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú ar snag. ie agus ar peig.ie.