Irish Independent

Neart dúshlán ag an uachtarán thar lear

- Le Gráinne McElwain

Ceapadh Larry McCarthy ina 40ú hUachtarán CLG ag an deireadh seachtaine agus is é ina chéad duine atá ag cur faoi thar lear a bhfuil an onóir bronnta air.

Is as Corcaigh dó ó dhúchas agus ina chéad óráid mar uachtarán ag an chomhdháil, luaigh sé a mhuintir agus a áit dúchais Baile an Easpaig agus cé chomh bródúil is atá sé féin agus a chlann go bhfuil bonn an uachtaráin aige.

Is i Nua-Eabhrac a chaith sé an chuid is mó dá shaol ó chuaigh sé anonn in 1985, ach mar a dúirt sé féin, is cuma cé chomh fada is atá tú as baile, tá baint agat i gcónaí le do chlub agus leis an cheantar inar tógadh thú.

Tá sé sin iomlán fíor agus is féidir leis na mílte atá as baile faoi láthair an mothúchán agus ceangal sin a aithint faoi láthair.

Comhdháil dhifriúil a bhí ann i mbliana ar líne agus cé go raibh deacrachta­í fuaime agus ag pointe áirithe tráchtaire­acht ar chluiche rugbaí na hÉireann le cluinstin, d’éirigh go maith leis.

Glacadh leis an 37 rún ar fad gan mórán stró ach amháin dhá cheann a raibh díospóirea­cht i gceist idir na toscairí agus vóta de dhíth orthu.

Beidh séasúr scartha againn ó 2022 ar aghaidh idir cluichí idirchonta­e agus club. Feicfear an séasúr idirchonta­e ar dtús agus é ag críochnú roimh an 29ú seachtain sa bhliain.

Glacadh chomh maith le bosca an pheaca san iomáint i mbliana ar bhonn trialach, le poc éirice mar phionós do ghreamú soiniciúil.

Beidh an pionós céanna ann sa pheil. Díospóirea­cht uair an chloig a bhí i gceist sular glacadh leis an rún le 61% ar son an vóta.

D’iarr McCarthy ar an rialtas cead a thabhairt do pháistí dul ar ais ag traenáil chomh luath agus is féidir nuair atá na scoileanna athoscailt­e ina n-iomláine. Bliain

dhúshlánac­h arís atá os comhair an CLG leis an Uachtarán ag rá nach bhfuil aon airgead sa chiste agus ní fios fós cén leagan amach a bheas ar an séasúr i mbliana.

Beidh moltaí ag teacht chun cinn ar thodhchaí an chomórtais peile agus tarraingío­dh anuas an maoiniú a fhaigheann Áth Cliath, le Michael Duignan, Cathaoirle­ach CLG Uíbh Fhailí, cáinteach faoin mhéid airgid atá ag an chontae.

Cinnte, ní bheidh an t-easaontas seo ag dul aon áit faoi láthair agus beidh le feiceáil cén goile atá ag an Uachtarán nua dul i ngleic leis an cheist.

Rud eile a bheas os a chomhair ná conradh craoltóire­achta nua leis na meáin chumarsáid­e leis na cainteanna ag toiseacht air sin an bhliain seo chugainn.

Tá taithí gnó agus urraíocht spóirt ag Larry agus beidh le feiceáil cén treo a bheidh an CLG ag iarraidh dul leis seo.

Tá neart dúshlán agus deiseanna le plé ag an Uachtarán nua. Go n-éirí go geal leis.

 ??  ?? Bródúil: Uachtarán úr Chumann Lúthchleas Gael Larry McCarthy
Bródúil: Uachtarán úr Chumann Lúthchleas Gael Larry McCarthy

Newspapers in English

Newspapers from Ireland