Irish Independent

Tábhacht ollmhór le focail agus cailíní óga ag imeacht

- LE GRÁINNE McELWAIN

Bronnadh gradaim All-Stars na mBan TG4 i ngráid na sóisear, idirmheána­cha agus sinsear ar na mallaibh le hEimear Smyth as Fear Manach, Vikki Wall ón Mhí agus Aimee Mackin as Ard Mhacha ag buachaint imreoirí sóisear, idirmheána­cha agus sinsear na bliana, roghnaithe ag a gcomhghlea­caithe féin.

Bhí bliain aisteach ann agus de ghnáth bíonn ócáid mhór ag na mná in Óstán an Citywest ach mar is eol dúinn i mbliana, níl aon rud mar is gnách sa saol ar chor ar bith.

Rinneadh agallaimh leis na buaiteoirí agus sheas an t-agallamh le Vikki Wall (ar dheis), imreoir idirmheána­ch na bliana, amach dom.

Is imreoir den scoth í ar éirigh léi, lena deirfiúr Sarah, Craobh Idirmheána­ch na hÉireann a bhaint ag an tríú hiarracht. Chaill siad in 2018 agus in 2019 sular chroch siad leo Corn Mary Quinn Memorial anuraidh. Tá Vikki 22 bliain d’aois ach luaigh sí san agallamh faoin dóigh ar caitheadh léi mar dhuine agus í 17 mbliana d’aois. Bhí sí ag déanamh a hArdteiste agus chuir sí meáchan 10kg nó 12kg uirthi. D’athraigh sé sin an bealach ar imir sí ach rud a sheas amach ná an bealach a labhair daoine fúithi. Bhí daoine ag caint lena máthair faoina meáchan agus ag rá go raibh sí ró-ramhar le peil a imirt.

Daoine eile ag caitheamh anuas uirthi ón taobhlíne, bainisteoi­rí ina measc. Dúirt Vikki gur ghabh bainisteoi­r amháin leithscéal léi faoi ach cuimhnigh nach raibh sí ach 17 mbliana d’aois.

Ní hé sin an bealach gur cheart duit labhairt le daoine faoi do chúram.

Tá an teanga nó an fhoclaíoch­t a úsáideann muid tábhachtac­h agus an dóigh a n-úsáideann muid í chun daoine a ardú nó daoine a chur síos.

Ní bhaineann sé seo le spórt amháin ach le gach aicme den saol. Cinnte bíonn amantaí ann go gcaithfidh bainisteoi­rí agus cóitseálai­the rudaí a phlé le himreoirí agus le daoine nach bhfuil sé éasca labhairt fúthu ach tá bealach ann chun rudaí a rá.

Bheifeá ag súil go mbeadh comhrá ann i dtimpealla­cht a bhfuil luachanna agus meas ar an duine mar chroílár na cainte agus go mothaíonn na daoine sábhailte agus muiníneach as na daoine atá ag caint leo.

Mar a sheasann sé, tá titim mhór ar an mhéid cailíní a bhíonn ag imirt spóirt sa tír seo. De réir taighde a rinne Lidl le déanaí, tá duine as beirt chailíní ag éirí as an spórt sula mbíonn siad 13 bliana d’aois.

Is cúis an-imníoch é sin ach níor cheart go mbeadh an méid atá muid ag rá leo ar cheann de na cúiseanna leis.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland