RTÉ Raidió na Gaeltachta live from Scoil Samhraidh Willie Clancy
From 8.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta
Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy 2018 i gCo an Chláir ón Domhnach 8 Iúil go dtí Dé hAoine 13 Iúil.
Thosaigh RnaG ag dul chuig an bhféile i Sráid na Cathrach siar sna seachtóidí, agus tá dlúthcheangal acu leis ó shin.
I mbliana, tosóidh an craoladh le coirmcheoil Éirinn is Alba
Dé Domhnaigh ag 8.00pm a dhéanann ceiliúradh ar an nasc idir an dá thír.
Beidh ceoltóirí ó dhá thaobh Shruth na Maoile ar an ardán, ina measc Christy Barry, Niamh Talty, na Cotters, na Killeens, Allan MacDonald, Alana MacInnes, Maighread Stiùbhart agus Murdo MacDonald, gan ach cuid acu a lua.
Ó Luan go hAoine, beidh an clár Binneas Béil ó Shráid na Cathrach á chur i láthair ag Seán Ó hÉanaigh ó 2.00pm – 4.00pm, agus beidh Neansaí Ní Choisdealbha sa chathaoir do Ceol Binn ó na Beanna ó Luan go Céadaoin 7.00pm – 9.00pm. Beidh agallaimh agus ceol beo le cloisteáil ar an dá chlár.
Beidh físeáin agus pictiúirí ón gcraoladh le feiceáil ar leathanach Facebook an stáisiúin.
The station visits Miltown Malbay for Scoil Samhraidh Willie Clancy all this week.
The broadcasting starts at 8.00pm tonight with the Éirinn is Alba concert, celebrating the best of Irish and Scottish music, and the links between them.
From Monday to Friday every afternoon at 2.00pm, there’s live music and interviews on the programme Binneas Béil ó Shráid na Cathrach, presented by Seán Ó hÉanaigh.
Every evening from Monday to Wednesday at 7.00pm, RnaG Music Editor Neansaí Ní Choisdealbha takes to the airwaves with her programme Ceol Binn ó na Beanna. Expect the unexpected, as last year she fitted ten flute players into the Ródaí, and also featured the Shandrum Céilí Band from outside the Ródaí!