Gníomh na Polaitíochta
10.00am
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Seo sraith cláracha faisnéise le polaiteoirí nach bhfuil gníomhach sa saol poiblí níos mó, agus ar maidin, beidh deis eile ag na héisteoirí an t-agallamh seo le Máirín Quill a chloisteáil a craoladh ag tús na sraithe i mí an Mheithimh.
Bhí Máirín ina comhairleoir contae, ina Teachta Dála agus ina Seanadóir do Chorcaigh.
Thug sí droim láimhe d’Fhianna Fáil i 1985 le dlús a chur le bunú an Pháirtí Dhaonlathaí, agus toghadh í chuig an 25ú Dáil mar iarrthóir don pháirtí sin cúpla bliain níos deireanaí.
Ar an gclár seo inniu deir sí nach raibh aon chathú uirthi páirtí Charlie Haughey a fhágáil mar ‘nach raibh meas madra aici air.’
Ghoill sé go mór uirthi gur thacaigh an Páirtí Daonlathach le Fianna Fáil chun Haughey a thoghadh mar Thaoiseach i 1989, ach ní raibh an dara rogha acu ach sin a dhéanamh, mar nach raibh aon duine, a dúirt sí, ag iarraidh tabhairt faoi olltoghchán eile an bhliain sin.
Insíonn sí scéal a saol polaitíochta do Shéamus Mac Donnchadha inniu.
Séamus Mac Donnchadha presents, as listeners get a second chance to hear an interview with Máirín Quill.
Máirín was a councillor, a TD and a Senator for Cork, who turned her back on Fianna Fáil in 1985 to help establish the Progressive Democrats.
In this edition she talks about the ups and downs of her career, including having no regrets about the decision to leave Charlie Haughey’s party, and her disappointment over the PDs’ support of Fianna Fáil to elect Haughey as Taoiseach in 1989.