Deireadh seachtaine mór #OnaS18 beo ar RTÉRnaG
From 10.30am
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá deireadh seachtaine mór an Oireachtais buailte linn, agus beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh i gCill Airne agus iad ag craoladh beo ón bhféile Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
Dé Sathairn, cuirfear tús breá bríomhar leis an mhaidin le
Seó an Oireachtais ag 10.30am le Bláthnaid Ní Chofaigh agus Pádraig Ó Sé.
Beidh lí, ceoltóirí, lucht eagraithe ó fhéilte éagsúla agus amhránaithe ar an gclár.
Beidh duaiseanna breátha á dtabhairt amach, agus beidh bricfeasta blasta ann don lucht féachana freisin.
Bíonn atmaisféar leitreach ag an gclár seo maidin Dé Sathairn, agus an slua ag baint sásamh agus taitneamh as an gcomhluadar atá bailithe le chéile d’fhéile mhór na nGael.
Ansin, níos deireanaí ag 7.00pm craolfar Corn Uí Riada, buaicphointe na féile, beo ón INEC.
Beidh cuid de na fonnadóirí sean-nóis is fearr ar domhan ar stáitse agus iad san iomaíocht do Chorn Uí Riada, agus beidh sé le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Seo an comórtas sean-nóis is mó le rá sa bhliain, agus mar is iondúil is é Máirtín Tom Shéainín a bheidh ina fhear an tí.
The Oireachtas festival is the biggest annual Irish-language cultural festival in the country, and the station broadcasts live from the gala all weekend.
Starting today at 10.30am, Bláthnaid Ní Chofaigh and Pádraig Ó Sé broadcast Seó an Oireachtais, with live music, song, poetry, great prizes and a tasty brekkie for the audience.
Tonight, tune in for Corn Uí Riada from 7.00pm, when some of the best sean-nós singers in the world will be competing.