Siúlach Scéalach
8.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta
Anocht ar a gclár Siúlach Scéalach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 8.00pm, beidh Ian Lee ag díriú ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, amharclann náisiúnta na Gaeilge.
Osclaíodh an amharclann i nGaillimh sa bhliain 1928, mar sin tá sé 90 bliain ar an saol i mbliana, agus ba é an chéad dráma a léiríodh ann ná Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne le Micheál Mac Liammóir.
Ar an chlár Siúlach Scéalach anocht beidh daoine a luaitear go mór leis An Taibhdhearc le cloisint: Micheál Mac Liammóir, Siobhán Nic Cionnaith, Liam Ó Briain, Aodh Mac Dhubháin, Máirtín Ó Direáin agus neart eile.
Fosta, beidh míreanna ó dhrámaí a léiríodh sa Taibhdhearc agus Mick Lally agus MacDara Ó Fatharta páirteach iontu agus míreanna ó leagan ceolmhar de Dhiarmaid agus Gráinne a craoladh ar RTÉ (comhléiriú idir RTÉ agus An Taibhdhearc).
Beid cúpla giota ó cheolchoirm a thaifead Ciarán Mac Mathúna sa Taibhdhearc sa bhliain 1963 le cluinstin againn freisin.
This special edition of the archive programme is dedicated to An Taibhdhearc theatre in Galway, the national Irishlanguage theatre, which turns 90 years old this year.
Listen in to hear a variety of actors and producers associated with the theatre throughout its history, including legends such as Micheál Mac Liammóir, Siobhán MacKenna, Liam Ó Briain, Aodh Mac Dhubháin and Máirtín Ó Direáin, as well as some musical items recorded in An Taibhdhearc by Ciarán Mac Mathúna in 1963.