Gradam do Réalt Óg na Bliana buaite ag Damien Ó Dónaill
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Bronnadh an Gradam do Réalt Óg na Bliana ar an gcraoltóir Damien Ó Dónaill ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gCill Airne ag tús na míosa.
Tá Damien ar fhoireann na seirbhíse i nDoirí Beaga i nDún na nGall, agus aithne faoi leith air as feabhas a chuid tráchtaireachta spóirt.
Is as Rann na Feirste ó dhúchas do Damien, agus chuir bainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta aithne air den chéad uair sa bhliain 2013 nuair a bhuaigh sé comórtas tráchtaireachta ar an stáisiún.
Thosaigh sé ag obair leo go lán-aimseartha sa bhliain 2014.
Rinne sé tráchtaireacht ar Chluiche Ceannais na hÉireann i mbliana den chéad uair, agus bhí sé mar thuairisceoir freisin ag Comórtas Oscailte Gailf i mBaile Lifín sa samhradh.
Is é Damien léiritheoir
Rónán Beo, agus bíonn sé ag taisteal chuig ócáidí spóirt gach deireadh seachtaine mar bhall d’fhoireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is iomaí sin clár faisnéise atá curtha le chéile aige, ina measc ‘Dún na nGall ar an Trá Fholamh’, ‘50 bliain d’Aifrinn Ghaeilge i mBéal Feirste’, ‘An Réabhlóid sa Ghleann’ agus ‘Glór na nÓg’.
Bíonn sé ag obair sa seomra nuachta sa stáisiún freisin.
RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Damien Ó Dónaill took home the Rising Star Award at the Oireachtas Media Awards, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, in Killarney at the start of this month.
Damien Ó Dónaill is from Rann na Feirste in Donegal, and has been working with RTÉ RnaG in its Doirí Beaga studios for the last four years.
He is best known for his sports commentary and is also the producer of Rónán Beo.