Cursaí Reatha ar RTÉ Raidió na Gaeltachtae
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá cúrsaí reatha lárnach i sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta seacht lá na seachtaine ó cheann ceann na bliana.
Ó Luan go hAoine, craoltar clár cúrsaí reatha na maidine, Adhmhaidin, beo ó cheanncheathrú an stáisiúin i gConamara ag 8.00am agus is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a bhíonn sa chathaoir.
Bíonn anailís ghrinn agus plé bríomhar ar scéalta móra an lae le cloisteáil ar an gclár.
Tá Cormac Ó hEadhra ar an stiúir do Nuacht a hAon, le clúdach cuimsitheach ar chúrsaí nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta ó Luan go hAoine.
Cuireadh tús le sraith nua, Tús Áite le Michelle Nic Grianna, i mí Eanáir, agus bíonn sé le cloisteáil gach tráthnóna ag 5.00pm i rith na seachtaine.
Tá taithí iriseoireachta na mblianta ag Michelle i Seomra na Nuachta i nDoirí Beaga, ach beidh sí ag cur i láthair clár cúrsaí reatha an tráthnóna feasta ón Lárionad Raidió i nDomhnach Broc.
Ag an deireadh seachtaine, bíonn Máirín Ní Ghadhra ar na maidí maidin Dé Domhnaigh ag 9.30am don chlár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, le plé painéil ar scéalta móra na seachtaine.
Dár ndóigh, bíonn clúdach ar chúrsaí reatha réigiúnda sna mórcheantair Ghaeltachta le fáil ar chláracha irise na seirbhíse freisin, Iris Aniar, Barrscéalta agus An Saol ó Dheas, a chraoltar ó Luan go hAoine.
Chomh maith leis sin, bíonn feasacháin nuachta le cloisteáil i gcaitheamh an lae gach lá ar RTÉ RnaG, nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus Gaeltachta san áireamh.
Current a airs are central to the station’s schedule seven days a week throughout the year.
Tune in for critical, insightful analysis of the day’s big stories on Adhmhaidin, Nuacht a hAon, Tús Áite and An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, as well as the daily national, international and Gaeltacht news service.