RTÉ Guide

An Cúinne Dána

-

6.30pm

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cuirfear tús inniu le sraith nua ealaíon ag 6.30pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Cúinne Dána, le Tristan Rosenstock.

Sa tsraith seo, tugtar spléachadh ar na healaíona, idir dhrámaíoch­t, litríocht, scannáin is ceol, agus beidh agallaimh le mórealaíon­tóirí na tíre, léirmheasa­nna agus go leor eile le cloisteáil ann gach Satharn.

Inniu, labharfaid­h Tristan leis an gceoltóir Cormac Breatnach faoina thogra ilmheáin The Whistleblo­wer atá ar camchuairt náisiúnta, léiriú a phléann leis an tslí ar ciontaíodh a dheartháir go héagórach as robáil traenach na Sollán.

Beidh Síobhra Aiken ag déanamh cur síos do Thristan ar an bhfile Pádraig Ó hÉigeartai­gh, a d’fhág Uíbh Ráthach agus a bhain cáil amach mar scríbhneoi­r thall i Springfiel­d, Massachuse­tts i Meiriceá.

Be idhmírléi rm he astói reach ta na seachtaine ag díriú ar na scannáin is déanaí atá eisithe.

Is as Baile Átha Cliath do láithreoir na sraithe, Tristan Rosenstock, agus tá céim aige sa Nua & Luath-Ghaeilge agus i gcúrsaí teilifíse agus scannán.

Is craoltóir raidió agus teilifíse é, agus bíonn sé ag gabháil do chláir ealaíon ( An Cúinne Dána, RnaG; Léirmheas Leabhar, TG4).

Tá sé ina Eagarthóir Liteartha ar an iris Comhar, agus bíonn sé ag seinm leis an ngrúpa Téada.

This new arts series, which starts this evening, is presented by Tristan Rosenstock (above).

This opening edition features an interview with musician Cormac Breatnach about his multimedia production The Whistleblo­wer, which is a musical exploratio­n of the personal impact of a miscarriag­e of justice involving his family.

Tristan also speaks to Síobhra Aiken about Iveragh poet Pádraig Ó hÉigeartai­gh, who became famous after he emigrated to Springfiel­d, Massachuse­tts in America.

The show also features a review of the latest film releases, so tune in to make sure that your finger is on the pulse.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland