RTÉ Guide

Sruth na Maoile

-

2.00pm

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá sraith nua den chlár Sruth na Maoile ar an aer anois, agus is iad Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig atá ar an stiúir mar is iondúil agus cleachtadh na mblianta acu faoi seo ag roghnú scoth an cheoil as Éirinn agus Albain dá gcuid éisteoirí.

Is ceoltóirí iad an bheirt chraoltóir­í, agus cuireann sé sin leis an spéis agus leis an tuiscint a léiríonn siad maidir lena rogha ceoil.

Inniu, beidh ceol acu dúinn ó Eilidh Shaw agus Ross Martin, Alan Kelly, Oirialla, Josie Duncan agus Pabla Lafuente, Ronan Browne agus Peadar O’Loughlin, Luke Daniels, Muireann Nic Amhlaoibh, Arthur Cormack, Slow Moving Clouds agus Úna Monaghan.

Is comhchraol­adh atá sa tsraith idir RTÉ RnaG agus BBC Radio nan Gaidheal in Albain.

Deir Seán Ó hÉanaigh nach raibh mórán cur amach ar cheol na hÉireann in Albain sna blianta tosaigh, agus bhí a mhalairt fíor freisin.

“Ag tús ama, ní raibh mórán ar eolais ag daoine faoi cheol a chéile, ach anois tá an oiread aithne ar amhráin Altan thall in Albain is atá ar cheol Capercaill­ie anseo in Éirinn!”

Deir Mairi Anna Nic Ualraig go gcuireann sé le forbairt an cheoil.

“Tá an ceangal eadrainn ar chaon taobh de Shruth na Maoile an-tábhachtac­h maidir le forbairt an cheoil, agus is breá le héisteoirí na hAlbain ceol agus amhráin traidisiún­ta na hÉireann a chloisteái­l ar an raidió.”

Bíonn an clár le cloisteáil Dé hAoine ag 2.00pm agus is féidir éisteacht siar leis ar Sheinnteoi­r Raidió RTÉ.

This music series is co-produced by RTE Raidió na Gaeltachta and BBC Radio na Gaidheal.

The programme presents the best in Gaelic music from Ireland and Scotland, and is presented by the duo of Seán Ó hÉanaigh and Mary Ann Kennedy.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland