RTÉ Guide

An tSraith Náisiúnt

7.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta

-

Bíonn an choimhint ina theas aon uair a chasann Ciarraí agus Áth Cliath ar a chéile, agus is é an dála céanna a bheidh i bPáirc Aibhistín de Staic ar an Satharn an 9ú Feabhra é.

Measann na húdair gurb iad Ciarraí a chuir dh stop le sodar Átha Cliath más rud é go bhfuil sé i ndána bhforlámha­s a bhriseadh, ach an dtárlóidh sé i mbliana? Tá éachtaintí bheaga fachta go dtí seo sa tSraith againn go mb’fhéidir go bhféadfaí máistrí na peile a chur dá mbuille, agus beidh foireann óg Chiarraí, fé stiúir a mbainisteo­ra nua Peter Keane, luite amach orthu féin ag iarraidh léasanna beaga dóchais a aimsiú dóibh féin agus do scata contaetha eile.

Beidh tráchtaire­acht bheo le Pádraig Ó Sé ar an gcluiche i dTrá Lí agus anuas air sin, beidh an mheitheal spóirt i gCaisleán an Bharraigh féachaint an bhfuil sé i ndán do Mhaigh Eo a ndara cluiche a bhuachtain­t ar an bpaiste féin tar éis a mbua ar Ros Comáin i bPáirc Mhic Éil i dtús na sraithe.

Craolfar An tSraith Náisiúnta le Dara Ó Cinnéide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn ag 7pm.

There is no love lost when GAA giants Kerry and Dublin meet these days, and it should be no di erent in today’s clash at Austin Stack Park in Tralee.

There is a growing sense that if Dublin’s relentless machine is to be stopped, then it might be Kerry who could stop them.

Tune in for live commentary of today’s National League clash, as well as coverage of Mayo v Cavan in Castlebar.

Dara Ó Cinnéide presents.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland