Craobhacha Peile na Gaillimhe 2019
8.30pm RTÉ Raidió na Gaeltachta
Déanfar an tarraingt do Chraobhacha Sinsir agus Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2019 beo ó Stiúideo a hAon i gceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla ar an gCéadaoin an 20 Feabhra ag 8.30pm.
Beidh 3 Ghrúpa de 6 fhoireann sna sinsir, agus 4 Ghrúpa de 4 fhoireann sa gCraobh Idirmheánach.
Beidh seaimpíní na bliana seo caite, Cora Finne, sa tóir ar an seachtú craobh as a chéile i mbliana agus ar chuid de na foirne a bheidh leo sa gCraobh Shinsir beidh seaimpíní na craoibhe idirmheánach 2018, An Spidéal, chomh maith le 5 fhoireann Gaeltachta eile – An Cheathrú Rua, Naomh Anna, Maigh Cuilinn, Bearna agus Baile Chláir.
Beidh Micheál Breathnach, a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na bliana seo caite, sa tarraingt Idirmheánach mar a bheidh Oileáin Árann agus Carna-Caiseal.
Beidh ionadaithe ó Bhord an Chontae i láthair, chomh maith le hionadaithe ó chlubanna ar fud an chontae. Beidh an tarraingt le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin 20 Feabhra ó 8.30pm – 9.00pm, agus fógrófar na tarraingtí uile ar Twitter @ SportRnaG agus ar leathanach Facebook an stáisiúin freisin.
Tune into this evening’s draw for the 2019 Galway Senior and Intermediate Championship, which broadcasts live from RTÉ RnaG HQ in Casla in Co Galway.
O cials from the County Board will be present for the draw, as well as representatives from clubs across the county, and the draw results will be posted to the RnaG Sports Twitter, @SportRnaG, and also to the station’s Facebook page.