An Cúinne Dána
6.30pm RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá albam úrnua ag an ngrúpa ceoil The Gloaming, The Gloaming 3, agus inniu ar an gclár cloisfimid agallamh fada le hamhránaí an ghrúpa sin, Iarla Ó Lionáird.
Labhrann sé le Tristan Rosenstock faoi na dánta le Liam Ó Muirthile agus Seán Ó Ríordáin atá curtha le ceol aige don albam seo, mar a roghnaigh siad iad agus an próiseas cruthaitheach a bhain leis an gcóiriú a rinneadh orthu.
Labhrann sé faoin gcodarsnacht idir na rialacha a bhaineann leis an traidisiún, agus an gá leis na teorainn a bhrú, agus dul in aghaidh an tsrutha.
Míníonn sé do Thristan an fáth go mbíonn sé beagáinín míchompordach ar stáitse, agus insíonn sé dó go bhfuil sé i gceist ag The Gloaming briseadh a thógáil an bhliain seo chugainn, agus na fáthanna leis sin.
Gheobhaidh na héisteoirí léargas breá ar intinn an amhránaí san agallamh seo.
Tristan Rosenstock interviews Iarla Ó Lionáird, the lead singer of trad supergroup The Gloaming, who have just released a brand new album, The Gloaming 3 this month.
They discuss a huge variety of topics, including the beautiful poems by Liam Ó Muirthile and Seán Ó Ríordáin that the group have put to music for this album, as well as the creative process that led them to this sensational new release.
This frank interview also touches on pushing the boundaries of musical genres, the band’s desires to go against the stream, Iarla’s uneasy relationship with being a frontman and why the group has a well-deserved break scheduled for next year.