RTÉ Guide

Manglam Ceoil

9.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta

-

Anocht ar an chlár Manglam Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 9.00pm, beidh seisiún sa stiúideo ag Rónán Mac Aodha Bhuí le duine de laochra móra ceoil Chorcaí, Jimmy Crowley.

Beidh Jimmy ag canadh cuid de na hamhráin is mó a bhfuil sé aitheanta leo, chomh maith le hamhráin úra nár craoladh ar an raidió roimhe seo.

Canfaidh sé cuid mhór amhrán, i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc The Boys of Fairhill, Táimse agus Máire, Salonika, Bímis ag ól, Níl ‘na lá, Rosc Catha na Mumhan, An Búrcach Buí agus tuilleadh.

Craoladh cuid den seisiúin seo ar an chlár Rónán Beo roinnt seachtainí ó shin.

I measc na gceoltóirí eile a bheidh páirteach sna seisiúin sa stiúideo le Rónán ar Manglam Ceoil sna seachtainí amach romhainn, beidh Daoirí Farrell; Muireann Nic Amhlaoibh le Siobhan Miller, Damien Mullane agus Anna Massie; chomh maith leis an bhuaiteoir Grammy Rhiannon Giddens i gcuideacht­a an bhoscadóra Francesco Turrisi as an Iodáil.

Craoltar an chuid is fearr den cheol, in achan teanga, as achan áit ar domhan, ar an chlár Manglam Ceoil Dé hAoine 9.00pm - 10.00pm ar RTÉ RnaG.

Presenter Rónán Mac Aodha Bhuí is joined by Jimmy Crowley (above) for a special in-studio session. Jimmy has been a central figure in the Irish folk scene since the release of his debut album, The Boys of Fairhill, in 1977. He chats and sings some of the old favourites tonight.

More in-studio sessions will follow over the next few weeks, including Daoirí Farrell, Muireann Nic Amhlaoibh with Siobhan Miller, Damien Mullane and Anna Massie, and Grammy award-winning musician and singer Rhiannon Giddens, with Italian accordion player and percussion­ist Francesco Turrisi.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland