RTÉ Guide

4.30pm RTÉ Raidió na Gaeltachta Bliain dár Sao

-

An tseachtain seo, ó Luan go hAoine ag 4.30pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, craolfar an cúig clár raidió atá san iomaíocht don duais mhór i gComórtas Clár Raidió Bhliain na Gaeilge ar an stáisiún sa tsraith Bliain dár Saol.

Tá duais €1,000 i ndán don chlár is fearr, clár a mheasann na moltóirí atá samhailtea­ch nuálaíoch. Dé Luain, craolfar an clár Trasna na dTonnta le Coláiste Ghobnait, faoin nGaeilge ar an oileán ó aimsir na hathbheoch­ana i leith.

Ansin, Dé Máirt, beidh an clár Spleodar Ceolmhar le daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal le cloisteáil againn, ceol agus amhráin a léiríonn an borradh atá tagtha ar chúrsaí ceoil sa scoil le linn Bhliain na Gaeilge.

Dé Céadaoin, beidh daltaí ó Ghaelcholá­iste Chomáin i Ros Dumhach ar an stiúir, le clár faoin nGaeilge Ó Ghlúin go Glúin. Déardaoin, fágtar faoi na Conallaigh é, agus cuirfidh siad an clár Ár scoil, ár bpobal i mbliain na Gaeilge inár láthair, clár faoin bhliain 2018 do phobal Ghaoth Dobhair.

Is iad Coláiste na bPiarsach i Ros Muc a chuirfidh críoch leis an tsraith leis an gclár Éist Linn, bunaithe ar stáisiún raidió samhailtea­ch atá bunaithe ag na daltaí ansin, agus beidh neart spraoi agus craic ann. Beidh Bliain dár Saol le cloisteáil ó Luan go hAoine ag 4.30pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

All this week, from Monday to Friday on the show, listeners can hear the five programmes that are in the running for the €1,000 prize in the Bliain na Gaeilge Radio Competitio­n for secondary schools organised by RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Schools from Inis Oírr, An Spidéal, Ros Dumhach, Gaoth Dobhair and Ros Muc will compete for the title, with today being the turn of Coláiste Ghobnait in Inis Oírr with its programme Trasna na dTonnta.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland