RTÉ Guide

Rabharta Spóirt ar RTÉ RnaG

From 2.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta

-

Beidh rabharta spóirt le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo.

Beidh cúrsaí spóirt an lae thuaidh, theas, thoir agus thiar ar Spórt an tSathairn mar is iondúil, ag tosú ag 2.00pm.

Ansin, tráthnóna Dé Sathairn ag 7.00pm tabharfaid­h muid aghaidh ar Pháirc Aibhistín de Staic don gcluiche cinniúnach idir Ciarraí agus Maigh Eo sa tSraith Náisiúnta.

Toisc oiread gaoithe bheith ina seolta agus oiread cíocrais a bheith á léiriú ag an bhfoireann, tá éileamh thar na bearta ar thicéidí don gcluiche i mBabhta 6 na Sraithe Náisiúnta Allianz.

Is léir go bhfuil rud éigin ag brúchtaíl an athuair i gcúrsaí caide sa Ríocht ach beidh fonn ar Mhaigh Eo a rian féin a fhágaint ar an gcluiche tar éis dóibh dul amú beagán le dhá bhabhta anuas.

Beidh Dara Ó Cinnéide ar an stiúir, agus Pádraig Ó Sé i mbun tráchtaire­achta.

Ansin, Dé Domhnaigh, beidh clúdach cuimsithea­ch ag

RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Chluichí Ceannais na hÉireann i gCraobh na gClub beo ó Pháirc an Chrócaigh ó 1.50pm.

Beidh Cora Finne na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar Chrócaigh Chill Airne sa pheil, agus beidh Seamróga Bhaile hÉil san iomaíocht le Naomh Tomás na Gaillimhe don chorn iomána. Lean cuntas Twitter spóirt na seirbhíse, @SportRnaG, don scéal is deireanaí ó na cluichí.

The station brings listeners a feast of sport this weekend.

Today at 2.00pm, Spórt an tSathairn covers all the action.

At 7.00pm Dara Ó Cinnéide hosts the crucial Kerry v Mayo tie in Austin Stack Park in Tralee on An tSraith Náisiúnta, with commentary by Pádraig Ó Sé.

Then, on tomorrow’s Spórt an Lae at 1.50pm, we hear all the excitement from the Senior Football and Hurling Club Finals live from Dublin’s Croke Park.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland