An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra
9.30am
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ar an Márta 23 1969 bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag cruinniú i gCois Fharraige i gConamara, agus inniu ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 9.30am beidh eagrán speisialta den chlár ag plé obair agus oidhreacht na gluaiseachta sin.
Ba thréimhse chorraitheach a bhí sna seascaidí i gcúrsaí cearta sibhialta ar fud an domhain, agus d’éiligh muintir na Gaeltachta a gcearta féin chomh maith.
Bhí ceantar Chonamara beo bocht, gan infreastruchtúr ceart ná deiseanna fostaíochta, agus dá bharr bhí an ceantar céasta ag an imirce.
Ar na haidhmeanna a bhí ag an nGluaiseacht, bhí údarás áitiúil pleanála agus forbartha, plean cuimsitheach oideachais agus stáisiún raidió, agus is dá bharr gur cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun i 1972.
Inniu, ar an gclár, pléifidh Máirín Ní Ghadhra agus a cuid aíonna oidhreacht na gluaiseachta, agus cuirfear an cheist, an dteastaíonn gluaiseacht nua a bhunú tar éis leathchéad bliain leis an obair a chríochnú?
Beidh Peadar Mac an Iomaire, a sheas in olltoghchán i 1969 do na Cearta Sibhialta, i measc na n-aíonna ar an bpainéal.
The Gaeltacht Civil Rights Movement was founded all the way back on March 23 1969, and marks 50 years in 2019.
This special edition of the news and current affairs programme looks at the legacy of the movement, and the work that has yet to be completed.
Panellists including Peadar Mac an Iomaire, who stood as a candidate in the General Election in 1969 for the Gaeltacht Civil Rights, feature.