An Saol ó Dheas
12.08pm
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ar Márta 30 1969 tharla ceolchoirm stairiúil in amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann.
Ba rud nua uilig a bhí ann go ndéanfaí cóiriú mar sin ar an gceol Gaelach, agus bhí sé neamhghnách an ceol a fheiceáil ar stáitse i suíomh mar sin.
D’éirigh le Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann íomhá nua a chruthú don cheol, agus is dá bharr sin gur tháinig borradh faoin gceol traidisiúnta a lean go dtí an
lá inniu, agus go bhfuil sé anois i mbarr réime ar stáitsí ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.
Inniu, craolfar eagrán speisialta den Saol ó Dheas leis an ócáid a chomóradh, beo ó thigh Uí Riada i gCúil Aodha.
Ba ann a thóg Seán Ó Riada agus a bhean Ruth a gclann, agus is ann anois atá cónaí ar a mhac Peadar Ó Riada, ceoltóir, cumadóir agus craoltóir.
On March 30 1969, Seán Ó Riada and Ceoltóirí Chualann took to the stage in the Gaeity in Dublin in what was to become a huge moment on the traditional Irish music landscape.
Ó Riada’s arrangements and the stage performance itself changed the course of Irish music forever, the effect of which can still be heard on stages across the world.
On this afternoon’s show, Helen Ní Shé presents live from An Draighean in Cúil Aodha, Co Cork, the home where Seán Ó Riada and his wife Ruth reared their family, and where their son – musician, composer and broadcaster Peadar Ó Riada – now lives with his own family.