RTÉ Guide

Ar Bhruach na Sionainne

-

1.30pm

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá tús curtha le Sceideal an tSamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beidh sraith nua den chlár Ar Bhruach na Sionainne le cloisteáil gach Máirt ag 1.30pm mar chuid dó, le hathchraol­adh maidin Dé Sathairn ag 10.30am.

Beidh ceol beo den scoth, a taifeadadh in Ollscoil Luimnigh, le cloisteáil sna cláracha, a bheidh á gcur i láthair ag mic léinn as Dámh Chruinne Éireann, Rince agus Ceol, san ollscoil.

Beidh súil ag cuid de na mic léinn seo a dhul leis an gceol mar ghairm bheatha, agus tugann an taithí seo ag obair ar an tsraith raidió tuiscint dóibh ar an obair agus an t-ullmhúchán a bhíonn i gceist leis na meáin.

Ar chuid den cheol neamhghnác­h a bheidh le cloisteáil againn sa tsraith seo i mbliana, beidh ceol ar an saroude le Matthew Noone, ceol traidisiún­ta ar an sacsafón le Laura Doherty agus Fiona Kirwin, agus portaireac­ht béil le hAlison Hayes.

Ar chuid de na ceoltóirí eile a bheidh le cloisteáil sa tsraith beidh Cathal Ó Curráin, Shane McGrath, Brian Ó Broin agus Tara Howley.

Inniu, is iad George Kenny agus Fiona Kirwin a chuir dh an clár i láthair. Is í Áine Hensey an léiritheoi­r sraithe.

A new series of Ar Bhruach na Sionainne forms part of the new summer schedule now on air on RTÉ Raidió na Gaeltachta.

The series is presented by students from the Irish World Academy of Music and Dance in the University of Limerick.

Each edition features several pieces of music recorded live in the university, with today’s show presented by George Kenny and Fiona Kirwin. The musical selection includes traditiona­l music played on saxophone, as well as a performanc­e from Matthew Noone on the saroude.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland