Reacaireacht an Tráthnóna
6.30pm
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Anocht, beidh Dara Ó Cinnéide agus Pádraig Ó Sé i bPáirc Uí Chaoimh do Chluiche Ceannais Peile na Mumhan, Corcaigh V Ciarraí, a bheidh le cloisteáil beo ar Reacaireacht an Tráthnóna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 6.30pm.
Seo an dara bliain as a chéile go mbeidh na foirne seo san iomaíocht do chraobh na Mumhan agus beidh coimhlint ghéar ann.
Beidh cur síos paiteanta ag Pádraig Ó Sé dúinn ar gach rud atá ag titim amach ar an ngort, agus beidh anailís ghrinn ag Dara Ó Cinnéide agus a chuid aíonna sa stiúideo dúinn le linn agus i ndiaidh an chluiche.
Seo cuid den chlúdach cuimsitheach atá le fáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na craobhacha náisiúnta peile agus iománaíochta. Bíonn os cionn 10 n-uaire de chláracha spóirt ann gach deireadh seachtaine ar an stáisiún ar an Reacaireacht, Spórt an tSathairn ag 2.00pm, agus Spórt an Lae Dé Domhnaigh ó 1.50pm.
Chomh maith leis an tráchtaireacht agus tuairiscí beo ó na cluichí, bíonn anailís le cloisteáil le himreoirí, iarimreoirí, bainisteoirí agus iarbhainisteoirí, ina measc Mícheál Ó Muircheartaigh, Máire Ní Bhraonáin, Tomás Ó Flatharta, Joe Connolly, Cathal Moore, Pat Fleury, Gary Brennan, Stephen Joyce agus Charlie Vernon.
Today’s show is live from Páirc Uí Chaoimh in Cork for the Munster Football Championship Final, as Cork take on Kerry.
Join Dara Ó Cinnéide and guests in studio, with live commentary from Pádraig
Ó Sé, which is part of the comprehensive Championship coverage on RTÉ RnaG, which includes up to 40 football matches and more than 20 hurling games over the season.