RTÉ Guide

Siúlach Scéalach

8.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta

-

Anocht ar Siúlach Scéalach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 8 pm, cloisfidh muid an chéad chlár i sraith faoin gcraoltóir Proinsias Ó Conluain, agus an obair a chuir sé i gcrích.

Tá sé 100 bliain i mbliana ó rugadh Ó Conluain, fear a bhí gníomhach i Radio Éireann / RTÉ idir 1947 agus 1984.

Bhíodh Proinsias ag taisteal na tíre ag cruinniú ábhair do chláracha, agus i measc na rudaí ba shuimiúla a rinne sé, bhí an cur síos i ndialanna ar an taisteal féin (go minic chun oileáin na hÉireann le trealamh trom taifeadadh), tithe na ndaoine, a gcuid éadaí agus a ndearcadh ar an saol.

Bhí sé i gcónaí ionraic agus mar sin bhí sé cáinteach nó moltach de réir mar a d’fhóir sé.

Scríobh sé faoi shaibhreas na Gaeilge agus í ag fáil bháis in áiteanna eile.

Chomh maith leis na dialanna (a bhfuil suas le dhá chéad acu ann) d’fhág sé cáipéisí suimiúla agus comhfhreag­ras, grianghraf­anna agus scannáin againn a bhaineann lena chuid oibre le RTÉ.

Tá rún an bailiúchán ina iomláine a dhigitiú i gcomhar le heagraíoch­taí a bhfuil ar a gcumas an obair a dhéanamh agus taighde dá réir sin.

Anocht ar Siúlach Scéalach, le hIan Lee, cuirfidh muid tús le cúrsaí le cur síos ar thuras Uí Chonluain go Toraigh sa bhliain 1956.

This year RTÉ is celebratin­g the 100th anniversar­y of the birth of broadcaste­r Proinsias Ó Conluain, who travelled the highways and byways of Ireland in search of the hidden cultural Ireland from 1947-1984.

On tonight’s show Ian Lee brings us the first programme in a series on Ó Conluain’s remarkable work, starting with his observatio­ns and the work he carried out on Tory Island, situated off the northwest coast of Co Donegal.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland