RTÉ Guide

Malairt Poirt le Muireann

-

7.00pm

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá an tsraith Malairt Poirt le Muireann ar ais do shéasúr an fhómhair, agus beidh sé le cloisteáil Dé Sathairn ag 7.00pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta.

Is as Corca Dhuibhne do Mhuireann, ceoltóir aitheanta, agus tá sí an-sásta a bheith ar ais sa chathaoir do shraith nua dá clár, agus í ag súil go mór le cuid den cheol is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi le linn an tsamhraidh a chasadh dá cuid éisteoirí sna seachtainí seo amach romhainn.

Ní ceol traidisiún­ta, nó ceol tíre, amháin a bhíonn le cloisteáil ar an gclár seo, dár ndóigh, agus tá neart taithí aithne ag Muireann ar cheoltóirí ar fud an domhain ó na blianta a chaith sí ag taisteal ag casadh ceoil, agus is breá léi an ceol sin a roinnt leis an lucht éisteachta.

Bhí ceol ón nGréig agus ón Spáinn i measc a rogha ar an gcéad chlár an tseachtain seo caite, mar shampla, agus beidh neart eile mar sin le cloisteáil amach anseo.

Bíonn seisiúin bheo sa stiúideo ag Muireann go rialta freisin, agus beidh a thuilleadh acu seo sa séasúr nua. Is féidir dul i dteagmháil le Muireann agus fáilte ag info@muireann.ie

Well-known singer and musician Muireann Nic Amhlaoibh is back with a new series of her show.

The programme features an eclectic mix of traditiona­l, folk and world music, in uenced by Muireann’s long years travelling as lead singer with band Danú.

Muireann can be contacted at info@muireann.ie and is looking forward to receiving new music for airplay from artists far and near.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland